+Airteagal 51 An t-údarás maoirseachta
---+Airteagal 51 1.
---+Airteagal 51 2.
---+Airteagal 51 3.
---+Airteagal 51 4.
|
Airteagal 51 An t-údarás maoirseachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 51 1.
|
Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).
|
|
Airteagal 51 2.
|
Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.
|
|
Airteagal 51 3.
|
I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mBallstát, ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mBord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.
|
|
Airteagal 51 4.
|
Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|