+Airteagal 52 Neamhspleáchas
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 52 4.
---+Airteagal 52 5.
---+Airteagal 52 6.

Airteagal 52 Neamhspleáchas

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1.
Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.
Airteagal 52 2.
Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.
Airteagal 52 3.
Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis maoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.
Airteagal 52 4.
Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.
Airteagal 52 5.
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh eisiach ag comhalta nó comhaltaí an údaráis maoirseachta lena mbaineann.
Airteagal 52 6.
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas