+Airteagal 62 Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
---+Airteagal 62 5.
---+Airteagal 62 6.
---+Airteagal 62 7.

Airteagal 62 Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 62 1.
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.
Airteagal 62 2.
I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.
Airteagal 62 3.
Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis maoirseachta is iasachtóir, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an le hoibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid a cheadaítear le dlí Bhallstát an údaráis maoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis maoirseachta is iasachtóir a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis maoirseachta is iasachtóir. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaí nó fhoireann an údaráis maoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaí nó foireann an údaráis maoirseachta is iasachtóir faoi réir dhlí Ballstát an údaráis maoirseachta óstaigh.
Airteagal 62 4.
I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis maoirseachta is iasachtóir ag feidhmiú i mBallstát eile, glacfaidh Ballstát an údaráis maoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ina chríoch.
Airteagal 62 5.
An Ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a fhoireann féin. Ballstát an údaráis maoirseachta is iasachtóir a ndearna a fhoireann damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Ballstáit eile, cúiteoidh sé leis an mBallstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.
Airteagal 62 6.
Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar Bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.
Airteagal 62 7.
I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mBord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas