+Airteagal 89 Coimircí agus maoluithe i ndail le próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh
---+Airteagal 89 1.
---+Airteagal 89 2.
---+Airteagal 89 3.
---+Airteagal 89 4.
|
Airteagal 89 Coimircí agus maoluithe i ndail le próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 89 1.
|
Próiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, beidh sí faoi réir coimircí is iomchuí ó thaobh chearta agus saoirsí an ábhair sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ainm bréige a chur i bhfeidhm, ar choinníoll gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh ar an mbealach sin. I gcás gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí thuilleadh próiseála, más próiseáil í sin nach gceadaítear léi aitheantas na n-ábhar sonraí a chur in iúl nó nach gceadaítear sin a thuilleadh, is ar an mbealach sin a chomhlíonfar na críocha sin.
|
|
Airteagal 89 2.
|
I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críoch staidrimh, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagail 15, 16, 18 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid is dócha go bhfágann na cearta sin go mbeadh sé dodhéanta na críocha sonracha a bhaint amach nó go gcuirfí bac tromchúiseach ar bhaint amach na gcríoch sin, agus a mhéid a bhfuil gá leis na maoluithe sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 89 3.
|
I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagail 15, 16, 18, 19, 20 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid is dócha go bhfágann na cearta sin go mbeadh sé dodhéanta na críocha sonracha a bhaint amach nó go gcuirfí bac tromchúiseach ar bhaint amach na gcríoch sin, agus a mhéid a bhfuil gá leis na maoluithe sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 89 4.
|
I gcás ina bhfreastalaíonn próiseáil de chineál dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar chríoch eile ag an am céanna, ní bheidh feidhm ag na maoluithe ach amháin de phróiseáil a dhéanfar chun na gcríoch dá dtagraítear sna míreanna sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|