+Airteagal 7 Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
---+Airteagal 7 9.
|
Airteagal 7 Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
I gcás go soláthraíonn geatóir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), déanfaidh sé feidhmiúlachtaí bunúsacha a sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir idir-inoibritheach le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ó sholáthraí eile a thairgeann nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, trí na comhéadain theicniúla riachtanacha nó réitigh chomhchosúla a éascaíonn idir-inoibritheacht a sholáthar, ar iarraidh, agus sin a dhéanamh saor in aisce.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Déanfaidh an geatóir ar a laghad na feidhmiúlachtaí seo a leanas dá dtagraítear i mír 1, idir-inoibritheach i gcás go soláthraíonn an geatóir féin na feidhmiúlachtaí sin dá úsáideoirí deiridh féin:
(a)
tar éis a liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9):
(i)
teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;
(ii)
íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí deiridh aonair.
(b)
laistigh de 2 bhliain ón ainmniú:
(i)
teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir grúpaí úsáideoirí aonair deiridh;
(ii)
íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair;
(c)
laistigh de 4 bhliain ón ainmniú:
(i)
glaonna gutha ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;
(ii)
físghlaonna ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;
(iii)
glaonna gutha ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir aonair deiridh;
(iv)
físghlaonna ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Caomhnófar an leibhéal slándála, lena n-áirítear an criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme, a sholáthraíonn an geatóir dá úsáideoirí deiridh féin, ar fud na seirbhísí idir-inoibritheacha.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Foilseoidh an geatóir tairiscint tagartha ina leagfar síos sonraí teicniúla agus téarmaí agus coinníollacha ginearálta idir-inoibritheachta lena seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear na sonraí riachtanacha ar leibhéal na slándála agus an chriptithe ó cheann go ceann. Foilseoidh an geatóir an tairiscint tagartha sin laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 3(10) agus déanfaidh sé é a nuashonrú i gcás inar gá.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Tar éis fhoilsiú na tairisceana tagartha de bhun mhír 4, féadfaidh aon soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag tairiscint nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhísí den sórt sin a thairiscint san Aontas, féadfaidh sé idir-inoibritheacht a iarraidh leis na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir arna soláthar ag an ngeatóir. Féadfaidh iarraidh den sórt sin cuid de na feidhmiúlachtaí bunúsacha a liostaítear i mír 2 a chumhach, nó iad go léir. Comhlíonfaidh an geatóir iarraidh réasúnta ar bith ar idir-inoibritheacht laistigh de 3 mhí, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, trí thús a chur le hoibriú na bhfeidhmiúlachtaí bunúsacha a iarraidh.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Féadfaidh an Coimisiún, go heisceachtúil, ar iarraidh réasúnta ón ngeatóir, na teorainneacha ama maidir le comhlíonadh faoi mhír 2 nó 5 i gcás ina léiríonn an geatóir go bhfuil gá leis seo chun idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú, agus chun an leibhéal riachtanach slándála a choimeád, lena n-áirítear criptiú ó cheann go ceann, i gcás inarb infheidhme.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag úsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir an gheatóra agus an tsoláthraí iarrthaigh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chinneadh cé acu a úsáidfidh siad na feidhmiúlachtaí bunúsacha idir-inoibritheacha a fhéadfaidh an geatóir a sholáthar de bhun mhír 1 nó nach n-úsáidfidh.
|
|
Airteagal 7 8.
|
Baileoidh an geatóir agus malartóidh sé leis an soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a dhéanann iarraidh ar idir-inoibritheacht sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh amháin i gcás go bhfuil siad fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht éifeachtach a sholáthar. Comhlíonfaidh bailiúchán agus malartú sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh den sórt sin Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE go hiomlán.
|
|
Airteagal 7 9.
|
Ní choiscfear ar an ngeatóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir atá ag iarraidh idir-inoibritheachta ag cur shláine, shlándáil agus phríobháideachas a sheirbhísí i mbaol, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de bhearta fíor-riachtanach agus comhréireach, agus go dtugann an geatóir údar cuí leo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|