+Airteagal 8 Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.

Airteagal 8 Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Áiritheoidh agus léireoidh an geatóir go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo. Beidh na bearta atá á gcur chun feidhme ag an ngeatóir chun comhlíonadh na nAirteagal sin a áirithiú éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach. Áiritheoidh an geatóir go gcomhlíonann cur chun feidhme na mbeart sin an dlí infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, Treoir 2002/58/CE, reachtaíocht maidir le cibearshlándáil, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí, agus na riachtanais inrochtaineachta.
Airteagal 8 2.
Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó gheatóir de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tús a chur le himeachtaí de bhun Airteagal 20.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 a chomhlíonadh go héifeachtach. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin laistigh de 6 mhí ó imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

Agus tús á chur le himeachtaí aige ar a thionscnamh féin ar mhaithe le himchéimniú, de bhun Airteagal 13, féadfaidh bearta den sórt sin a bheith bainteach leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.

Airteagal 8 3.
Féadfaidh geatóir a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun próisis chun a chinneadh maidir leis na bearta atá beartaithe ag an ngeatóir sin a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 6 agus 7 an mbeidh siad éifeachtach chun cuspóir na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach in imthosca sonracha an gheatóra. Beidh lánrogha ag an gCoimisiún agus cinneadh á dhéanamh aige an rachaidh sé i mbun próisis den sórt sin, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na córa comhionainne, na comhréireachta agus an dea-riaracháin.

San iarraidh uaidh, soláthróidh an geatóir aighneacht réasúnaithe chun na bearta atá sé i gceist aige a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige a mhíniú. Thairis sin, soláthróidh an geatóir leagan neamhrúnda dá aighneacht réasúnaithe is ceadmhach a roinnt le tríú páirtithe de bhun mhír 6.

Airteagal 8 4.
Tá míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagail 29, 30 agus 31.
Airteagal 8 5.
D’fhonn an cinneadh faoi mhír 2 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir laistigh de 3 mhí ón uair a dhéantar imeachtaí a thionscnamh faoi Airteagal 20. Sna réamhchinntí, míneoidh an Coimisiún na bearta atá sé a bheartú a dhéanamh nó na bearta ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh, dar leis, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na réamhchinntí.
Airteagal 8 6.
Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú go héifeachtach le tráchtanna a dhéanamh, foilseoidh an Coimisiún, agus a réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 5 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar na bearta a mheasann sé a dhéanfaidh sé, nó a mheasann sé ba cheart don gheatóir lena mbaineann a dhéanamh. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.
Airteagal 8 7.
Agus na bearta faoi mhír 2 á sonrú aige, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil na bearta éifeachtach maidir le cuspóirí an Rialacháin seo agus na hoibleagáide ábhartha a bhaint amach, agus go bhfuil siad comhréireach in imthosca sonracha an gheatóra agus na seirbhíse ábhartha.
Airteagal 8 8.
Chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 6(11) agus (12) a shonrú, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an áirithíonn na bearta atá beartaithe nó atá curtha chun feidhme nach bhfuil aon éagothroime ó thaobh cearta agus oibleagáidí ar úsáideoirí gnó agus nach dtugann na bearta féin buntáiste don gheatóir, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir d’úsáideoirí gnó.
Airteagal 8 9.

Maidir le himeachtaí de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh iad a oscailt an athuair sa chás:

(a) 

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu; nó

(b) 

gur bunaíodh an cinneadh ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach; nó

(c) 

nach bhfuil na bearta mar atá sonraithe sa chinneadh éifeachtach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas