+Airteagal 10 Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.

Airteagal 10 Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach a chinneadh an geatóir sin a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó oibleagáid shonrach a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 maidir le croísheirbhís ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), ina bhfuil údar maith le díolúine den sórt sin ar na forais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo (“an cinneadh díolúine”). Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh díolúine laistigh de 3 mhí tar éis dó iarraidh atá réasúnaithe go hiomlán a fháil, agus soláthróidh sé ráiteas réasúnaithe ina míneofar na forais leis an díolúine. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Airteagal 10 2.
I gcás ina ndeonaítear díolúine de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chinneadh díolúine más rud é nach ann a thuilleadh d’fhoras na díolúine nó ar a laghad gach bliain. I ndiaidh athbhreithniú den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an bhfionraí go hiomlán nó go páirteach, nó cinnfidh sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 á sásamh go fóill.
Airteagal 10 3.
Ní fhéadfar díolúine de bhun mhír 1 a dheonú ach amháin ar fhorais sláinte poiblí nó slándála poiblí.
Airteagal 10 4.
I gcásanna práinne, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú ar iarraidh réasúnaithe ó gheatóir nó ar a thionscnamh féin, cur i bhfeidhm oibleagáide ar leith dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de chroísheirbhísí ardáin aonair a chur ar fionraí go sealadach roimh an gcinneadh de bhun na míre sin. Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh agus a dheonú tráth go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an measúnú de bhun mhír 1.
Airteagal 10 5.
Agus an iarraidh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 á measúnú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go sonrach, an tionchar a bheadh ag comhlíonadh na hoibleagáide ábhartha ar na forais i mír 3 chomh maith leis na héifeachtaí ar an ngeatóir lena mbaineann agus ar thríú páirtithe. D’fhéadfadh an Coimisiún an fhionraí a chur faoi réir coinníollacha agus oibleagáidí chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir na leasanna atá á saothrú leis na forais i mír 3 agus na cuspóirí atá leis an Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas