+Airteagal 18 Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
|
Airteagal 18 Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh an raibh geatóir ag gabháil do neamhchomhlíonadh córasach. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú margaidh sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás ina léirítear san imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir coimeádta, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforchuirtear aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin atá comhréireach agus riachtanach chun comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
|
|
Airteagal 18 2.
|
Féadfar a áireamh sa leigheas arna fhorchur i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, toirmeasc, ar feadh tréimhse theoranta, a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir leis na croísheirbhísí ardáin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, i gcás inar eisigh an Coimisiún trí cinn ar a laghad de chinntí neamhchomhlíonta de bhun Airteagal 29 in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith dá chroísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse 8 mbliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí uaidh, míneoidh an Coimisiún an réamh-mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á sásamh agus cén leigheas a réamh-mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú le tráchtanna a dhéanamh go héifeachtach, foilseoidh an Coimisiún, agus tráth a bheidh réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 4 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda fhoilsiú ar an gcás agus ar na leigheasanna a mheasann sé a fhorchuirfidh sé. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.
|
|
Airteagal 18 6.
|
I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo trí ghealltanais arna dtabhairt geatóir de bhun Airteagal 25 a dhéanamh ceangailteach, foilseoidh sé achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar phríomhinneachar na ngealltanas. Féadfaidh tríú páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama a shocróidh an Coimisiún.
|
|
Airteagal 18 7.
|
Féadfaidh an Coimisiún, agus an t-imscrúdú margaidh ar siúl, síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt le síneadh den sórt sin ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún a réamhchinntí a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar 6 mhí.
|
|
Airteagal 18 8.
|
Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an geatóir a chuid oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar na leigheasanna a fhorchuireann sé i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Beidh an Coimisiún i dteideal na leigheasanna sin a mhodhnú má fhaigheann sé, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, nach bhfuil siad éifeachtach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|