+Airteagal 21 Iarrataí ar fhaisnéis
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.

Airteagal 21 Iarrataí ar fhaisnéis

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Chun na dualgais atá air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas gach faisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún freisin, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, rochtain a cheangal ar aon sonraí nó algartaim de chuid gnóthas agus ar fhaisnéis maidir le tástáil, chomh maith le mínithe orthu a iarraidh.
Airteagal 21 2.
Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á cur chuig gnóthas nó chuig comhlachas gnóthas, déanfaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata a lua, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di, chomh maith leis na fíneálachadá bhforáiltear in Airteagal 30 is infheidhme as ucht faisnéis atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a sholáthar.
Airteagal 21 3.
I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas faisnéis a sholáthar le cinneadh, luafaidh sé cuspóir agus bunús dlí na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá riachtanach agus socróidh sé an teorainn ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún de cheangal ar ghnóthais rochtain ar aon sonraí, algartaim agus faisnéis maidir le tástáil a sholáthar, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, agus socróidh sé an teorainn ama nach mór í a sholáthar laistigh di. Léireoidh sé freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 30 agus léireoidh sé nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 31. Léireoidh sé a thuilleadh an ceart go ndéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú ar an gcinneadh.
Airteagal 21 4.
Déanfaidh na gnóthais nó na comhlachais ghnóthas nó a gcuid ionadaithe an fhaisnéis a iarraidh a sholáthar thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais ghnóthas lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
Airteagal 21 5.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún an fhaisnéis go léir is gá atá ina seilbh chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas