+Airteagal 27 Faisnéis ó thríú páirtithe
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.

Airteagal 27 Faisnéis ó thríú páirtithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Féadfaidh aon tríú páirtí, lena n-áirítear úsáideoirí gnó, iomaitheoirí nó úsáideoirí deiridh na gcroísheirbhísí ardáin a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9), chomh maith lena n-ionadaithe, údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), nó an Coimisiún go díreach, a chur ar an eolas faoi aon chleachtas nó iompar a dhéanann geatóirí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 27 2.
Beidh lánrogha ag údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), agus ag an gCoimisiún maidir leis na bearta iomchuí agus ní bheidh aon oibleagáid orthu beart leantach a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear.
Airteagal 27 3.
I gcás ina gcinnfidh údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit, a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6), bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go bhféadfadh saincheist neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a bheith ann, aistreoidh sé an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas