+Airteagal 39 Ró-íocaíochtaí cánach, tabhairt siar caillteanais chánach agus sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.

Airteagal 39 Ró-íocaíochtaí cánach, tabhairt siar caillteanais chánach agus sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.

Ní asbhainfear na hítimí a leanas ó na cistí dílse agus beidh siad faoi réir ►C9  ualach riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme,:

(a) 

ró-íocaíochtaí cánach a rinne an institiúid sa bhliain reatha;

(b) 

caillteanais chánach na hinstitiúide sa bhliain reatha arna dtabhairt siar go blianta roimhe sin as a dtig éileamh ar, nó earra infhaighte ó, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás cánach áitiúil.

Airteagal 39 2.

►M8  Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a cruthaíodh roimh 23 Samhain 2016 agus a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad: ◄

(a) 

cuirtear creidmheas cánach ina n-ionad go huathoibríoch agus go héigeantach gan mhoill, i gcás ina dtuairiscíonn an institiúid caillteanas nuair a fhormheastar ráitis airgeadais bhliantúla na hinstitiúide go foirmiúil, agus i gcás leachtú nó dócmhainneacht na hinstitiúide;

(b) 

beidh an institiúid in ann, de réir an dlí cánach náisiúnta is infheidhme, creidmheas cánach dá dtagraítear in bpointe (a) a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais chánach atá ag an institiúid nó aon ghnóthais eile ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna agus an institiúid chun críocha cánach de réir an dlí sin nó aon ghnóthais eile faoi réir na maoirseachta ar bhonn comhdhlúthaithe i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c) 

i gcás ina sáraíonn méid na gcreidmheasanna cánach dá dtagraítear i bpointe (b) na dliteanais chánach dá dtagraítear sa phointe sin, cuirtear éileamh díreach ar rialtas láir an Bhallstáit ina ionchorpraítear an institiúid in ionad barrachais den chineál sin gan mhoill.

Cuirfidh na hinstitiúidí ►C9  ualach riosca ◄ de 100 % i bhfeidhm maidir le sócmhainní cánach iarchurtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí a) b) agus c).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas