+Airteagal 82 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Airteagal 82 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Airteagal 82

Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Is é a bheidh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha, an leas mionlaigh, ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

▼M9

(a) 

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i) 

institiúid;

(ii) 

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;

(iv) 

gnólacht infheistíochta;

(v) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás inar ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;

▼C7

(b) 

tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c) 

is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, na hítimí Leibhéal 1 Breise agus na hítimí Leibhéal 2.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas