+Preamble: 1

Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 30(5), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Braitheann soláthar seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais ar shlabhra casta fochonraitheoirí TFC go minic, trína bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí socrú fochonraitheoireachta amháin nó níos mó a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí eile. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag spleáchas indíreach ar fhochonraitheoirí TFC ar chumas eintitis airgeadais a rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le bearnaí san fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus le cumas teoranta eintitis airgeadais faisnéis a fháil ó fhochonraitheoirí TFC sin a sholáthraíonn seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh. I ndáil leis sin, i gcás ina mbraitheann soláthar seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais ar shlabhra fochonraitheoirí TFC a d’fhéadfadh a bheith fada nó casta, tá sé fíor-riachtanach go sainaithníonn eintitis airgeadais slabhra foriomlán na bhfochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

(2)

I measc na bhfochonraitheoirí sin a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, ba cheart d’eintitis airgeadais díriú go háirithe agus go leanúnach ar na fochonraitheoirí sin a thacaíonn go héifeachtach le seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, lena n-áirítear na fochonraitheoirí uile a sholáthraíonn seirbhísí TFC a ndéanfadh suaitheadh na seirbhísí sin dochar do shlándáil nó do leanúnachas na seirbhíse mar a leagtar síos sa chlár faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554.

(3)

Tá éagsúlacht mhór idir eintitis airgeadais ó thaobh méide, struchtúir, eagrúchán inmheánach, agus chineál agus chastacht a ngníomhaíochtaí de. Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart an éagsúlacht sin a chur san áireamh nuair a shonraítear na gnéithe ar cheart d’eintiteas airgeadais a chinneadh agus a mheasúnú agus seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha á gcur amach ar fochonradh aige.

(4)

Nuair a cheadaíonn na heintitis airgeadais é i gcomhréir le hAirteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, le húsáid seirbhísí TFC ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, ní féidir an fhreagracht deiridh as comhlachtaí bainistíochta na n-eintiteas airgeadais a laghdú chun a rioscaí a bhainistiú agus a n-oibleagáidí reachtacha agus rialála a chomhlíonadh. I gcás ina gceadaítear seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a chur amach ar fochonradh, tá sé tábhachtach go bhfuil léargas soiléir iomlánaíoch ag eintitis airgeadais ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a chur amach ar fochonradh ionas go mbeidh siad in ann faireachán, bainistiú agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sin sula gcuirfear na seirbhísí sin amach ar fochonradh.

(5)

Ba cheart a mheas gur fochonraitheoirí TFC iad fochonraitheoirí inghrúpa TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh, lena n-áirítear fochonraitheoirí inghrúpa TFC atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi úinéireacht chomhchoiteann eintiteas airgeadais laistigh den scéim chosanta institiúideach chéanna.

(6)

I gcás inarb infheidhme, i gcomhthéacs grúpa, ba cheart do mháthairghnóthas eintiteas airgeadais a áirithiú go gcuirtear an beartas maidir le húsáid fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó cuid ábhartha díobh i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach comhleanúnach laistigh den ghrúpa.

(7)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéantar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a bhainistiú go cuimsitheach nuair a chuirtear seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ar fochonradh. Ar an gcúis sin, ba cheart d’eintitis airgeadais cloí leis na céimeanna i saolré socraithe chonarthaigh, lena n-áirítear socruithe fochonraitheoireachta, maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna sin agus ar seirbhísí iad a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais a leagan síos d’eintitis airgeadais ar cheart iad a léiriú ina socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí i gcás ina gceadaítear úsáid a bhaint as seirbhísí TFC ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

(8)

Chun rioscaí a bhaineann le fochonraitheoireacht a mhaolú, is gá na coinníollacha a shonrú faoinar féidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí fochonraitheoirí a úsáid chun seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a sholáthar. Chun na críche sin, ba cheart na coinníollacha sin a leagan amach i socruithe conarthacha TFC idir eintitis airgeadais agus soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear socruithe fochonraitheoireachta a phleanáil, na measúnuithe riosca, an dícheall cuí, agus an próiseas formheasa le haghaidh socruithe fochonraitheoireachta TFC nua maidir le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, nó athruithe ábhartha ar na cinn atá ann cheana arna ndéanamh ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí.

(9)

Chun rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint sula ndéanfaidh eintiteas airgeadais socrú le fochonraitheoir TFC, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí measúnú a dhéanamh, ar bhealach iomchuí agus comhréireach, ar oiriúnacht fochonraitheoirí féideartha ar bhonn na socruithe conarthacha TFC a thug soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí i gcrích leis an eintiteas airgeadais. Dá bhrí sin, le socruithe conarthacha TFC sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, nó ar an eintiteas airgeadais go díreach, de réir mar is iomchuí, measúnú a dhéanamh ar acmhainní an fhochonraitheora fhéideartha, lena n-áirítear ar a shaineolas agus cé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní cuí airgeadais, daonna agus teicniúla aige, ar a shlándáil faisnéise, agus ar an struchtúr eagraíochtúil atá aige, lena n-áirítear an bhainistíocht riosca agus na rialuithe inmheánacha ba cheart a bheith i bhfeidhm ag an bhfochonraitheoir.

(10)

Chun aon leochaileacht agus bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ina rioscaí dá gcórais agus dá n-oibríochtaí TFC a mhaolú, ba cheart d’eintitis airgeadais a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí TFC agus a bheith ar an eolas faoi aon athrú ábhartha laistigh dá slabhra fochonraitheoireachta TFC i gcás ina mbaineann athruithe den sórt sin le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

(11)

Chun é a chur ar a gcumas d’eintitis airgeadais measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le socruithe fochonraitheoireachta nó le hathruithe ábhartha orthu, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí na heintitis airgeadais dá soláthraíonn siad seirbhísí TFC a chur ar an eolas faoi gach socrú nó athrú nua den sórt sin i bhfad sula dtiocfaidh na socruithe nó na hathruithe sin i bhfeidhm. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an ceart a bheith ag eintitis airgeadais an conradh le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a fhoirceannadh i gcás ina léirítear le toradh a measúnaithe riosca go bhfuil leibhéal riosca a sháraíonn a lamháltas riosca ag baint leis na socruithe nua nó leis na hathruithe ábhartha.

(12)

Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr siad comhairle ar Ghrúpaí Geallsealbhóirí ÚMEnna arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug an Maoirseoir tuairim an 20 Lúnasa 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas