+Airteagal 3 Dícheall cuí agus measúnú riosca maidir le húsáid fochonraitheoirí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
|
Airteagal 3 Dícheall cuí agus measúnú riosca maidir le húsáid fochonraitheoirí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Sula ndéanfaidh eintiteas airgeadais socrú conarthach le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, cinnfidh sé cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí sin seirbhís TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a chur amach ar fochonradh. Ní dhéanfaidh an t-eintiteas airgeadais socrú conarthach den sórt sin ach amháin i gcás inar mheas sé gur comhlíonadh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
áirithítear leis na próisis díchill chuí maidir le soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí go bhfuil sé in ann cumais oibríochtúla agus airgeadais fochonraitheoirí féideartha TFC a roghnú agus a mheasúnú chun seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a sholáthar, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh, nuair a cheanglaíonn an t-eintiteas airgeadais air déanamh amhlaidh, i dtástáil athléimneachta digití oibríochtúla dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(b)
|
tá soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí in ann gach fochonraitheoir a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a shainaithint, fógra a thabhairt don eintiteas airgeadais faoi na fochonraitheoirí sin agus é a chur ar an eolas fúthu, agus tá sé in ann an fhaisnéis uile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha faoin Airteagal seo a sholáthar don eintiteas airgeadais;
|
|
(c)
|
áirithíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí go gcuirfidh na socruithe conarthacha leis na fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh ar a chumas don eintiteas airgeadais a oibleagáidí féin a eascraíonn as Rialachán (AE) 2022/2554 agus as reachtaíocht an Aontais agus as an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh;
|
|
(d)
|
deonaíonn an fochonraitheoir na cearta conarthacha céanna i ndáil le rochtain agus cigireacht don eintiteas airgeadais agus do na húdaráis inniúla agus réitigh agus a dheonaíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí;
|
|
(e)
|
gan dochar d’fhreagracht chríochnaitheach an eintitis airgeadais a oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh, tá cumas, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí féin chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí TFC ar leibhéal na bhfochonraitheoirí, lena n-áirítear trí chaighdeáin iomchuí slándála faisnéise a chur i bhfeidhm agus trí struchtúr eagraíochtúil iomchuí, bainistíocht riosca agus rialuithe inmheánacha, agus tuairisciú agus freagairtí teagmhas a bheith i bhfeidhm aige;
|
|
(f)
|
tá cumais leordhóthanacha, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla ag an eintiteas airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí TFC a bhaineann leis an tseirbhís lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh a cuireadh amach ar fochonradh, lena n-áirítear trí chaighdeáin iomchuí slándála faisnéise a chur i bhfeidhm agus trí struchtúr eagraíochtúil agus bainistíocht riosca iomchuí, freagairt teagmhais, bainistíocht leanúnachais gnó agus rialuithe inmheánacha a bheith i bhfeidhm aige;
|
|
(g)
|
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag mainneachtain fhochonraitheoir a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le cuid ábhartha díobh ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil agus ar fhóntacht airgeadais an eintitis airgeadais;
|
|
(h)
|
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar na rioscaí a bhaineann le suíomh na bhfochonraitheoirí féideartha i ndáil le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le cuid ábhartha díobh arna soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí;
|
|
(i)
|
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar rioscaí TFC maidir le comhchruinniú ar leibhéal eintitis i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(j)
|
rinne an t-eintiteas airgeadais measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil aon bhac ar chearta iniúchóireachta, cigireachta agus rochtana arna bhfeidhmiú ag na húdaráis inniúla, ag na húdaráis réitigh, nó ag an eintiteas airgeadais, lena n-áirítear daoine arna gceapadh acu.
|
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Eintitis airgeadais a úsáideann soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a chuireann seirbhísí TFC amach ar fochonradh lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, déanfaidh siad an measúnú riosca go tréimhsiúil dá dtagraítear i mír 1, pointí (f) go (j), in aghaidh athruithe a d’fhéadfadh teacht ar a dtimpeallacht ghnó, lena n-áirítear in aghaidh athruithe ar na feidhmeanna tacaithe gnó, ar mheasúnuithe riosca lena n-áirítear bagairtí TFC, rioscaí TFC maidir le comhchruinniú, agus rioscaí geopholaitiúla.
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Spleáchas ar thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh ag a soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí ar a bhfochonraitheoirí agus na hoibleagáidí a leagtar amach san airteagal seo á gcomhlíonadh acu, ní chuirfear teorainn leis an bhfreagracht deiridh atá ar eintitis airgeadais a n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála faoi Rialachán (AE) 2022/2554 a chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|