+Airteagal 65 An Bord Eorpach um an Intleacht Shaorga a bhunú agus struchtúr an Bhoird sin
---+Airteagal 65 1.
---+Airteagal 65 2.
---+Airteagal 65 3.
---+Airteagal 65 4.
---+Airteagal 65 5.
---+Airteagal 65 6.
---+Airteagal 65 7.
---+Airteagal 65 8.
|
Airteagal 65 An Bord Eorpach um an Intleacht Shaorga a bhunú agus struchtúr an Bhoird sin
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 65 1.
|
Bunaítear leis seo an Bord Eorpach um Intleacht Shaorga (“an Bord”).
|
|
Airteagal 65 2.
|
Ionadaí amháin ó gach Ballstát a bheidh ar an mBord. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rannpháirteach ann mar bhreathnóir. Freastalóidh an Oifig um Intleacht Shaorga ar chruinnithe an Bhoird freisin gan páirt a ghlacadh sa vótáil. Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt d’údaráis, do chomhlachtaí nó do shaineolaithe náisiúnta agus de chuid an Aontais eile freastal ar na cruinnithe ar bhonn cás ar chás, i gcás inarb ábhartha dóibh na saincheisteanna a bheidh á bplé.
|
|
Airteagal 65 3.
|
Ainmneoidh na Ballstáit a n-ionadaí ar feadh tréimhse 3 bliana, agus féadfar iad a athnuachan uair amháin.
|
|
Airteagal 65 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit i ndáil lena n-ionadaí ar an mBord an méid seo a leanas:
(a)
go mbeidh na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ábhartha acu ina mBallstát chun rannchuidiú ar bhealach gníomhach le baint amach chúraimí an bhoird dá dtagraítear in Airteagal 66;
(b)
go ndéanfar iad a ainmniú mar phointe teagmhála aonair vis-à-vis an Bord agus, i gcás inarb iomchuí, agus riachtanais na mBallstát á gcur san áireamh, mar phointe teagmhála aonair do gheallsealbhóirí;
(c)
go mbeidh sé de chumhacht acu an chomhsheasmhacht agus an comhordú a éascú idir na húdaráis inniúla náisiúnta ina mBallstát maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí shonraí agus faisnéis ábhartha a bhailiú chun a gcúraimí ar an mBord a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 65 5.
|
Glacfaidh ionadaithe ainmnithe na mBallstát rialacha nós imeachta an Bhoird trí thromlach dhá thrian. Leagfar síos leis na rialacha nós imeachta, go háirithe, nósanna imeachta don phróiseas roghnúcháin, ré shainordú an Chathaoirligh, agus sonraíochtaí chúraimí an Chathaoirligh, socruithe mionsonraithe maidir le vótáil, agus eagrú ghníomhaíochtaí an Bhoird agus ghníomhaíochtaí a fhoghrúpaí.
|
|
Airteagal 65 6.
|
Bunóidh an Bord dhá bhuan-fhoghrúpa chun ardán comhair agus malartaithe a chur ar fáil i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás a thugann fógra maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachas margaidh agus le comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoi seach. Ba cheart don bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh gníomhú mar an ngrúpa comhair riaracháin (ADCO) don Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/1020. Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha eile a bhunú de réir mar is iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha. I gcás inarb iomchuí, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe an fhóraim chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 67 chuig na foghrúpaí sin nó chuig cruinnithe sonracha de na foghrúpaí sin mar bhreathnóirí.
|
|
Airteagal 65 7.
|
Déanfar an Bord a thugann fógra a eagrú agus a oibriú sa chaoi go gcoimirceofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.
|
|
Airteagal 65 8.
|
Déanfaidh ionadaí amháin d’ionadaithe na mBallstát cathaoirleacht ar an mBord. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga rúnaíocht an Bhoird ar fáil don Bhord, tionólfaidh sí na cruinnithe arna iarraidh sin don Chathaoirleach, agus ullmhóidh sí an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus a rialacha nós imeachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|