+Airteagal 86 Ceart chun míniú a fháil ar chinnteoireacht aonair
---+Airteagal 86 1.
---+Airteagal 86 2.
---+Airteagal 86 3.
|
Airteagal 86 Ceart chun míniú a fháil ar chinnteoireacht aonair
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 86 1.
|
Aon duine dá ndéantar difear atá faoi réir cinneadh a dhéanann an t-úsáideoir gairmiúil ar bhonn an aschuir ó chóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, cé is moite de na córais a liostaítear faoi phointe 2 di, agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige nó a dhéanann difear suntasach comhchosúil don duine sin ar bhealach a measann siad go bhfuil drochthionchar aige ar a shláinte, sábháilteacht nó cearta bunúsacha, beidh sé de cheart aige mínithe soiléire agus fiúntacha a fháil ón úsáideoir gairmiúil ar ról an chórais intleachta saorga sa nós imeachta cinnteoireachta agus ar phríomhghnéithe an chinnidh a rinneadh.
|
|
Airteagal 86 2.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le húsáid córas intleachta saorga dá dtagann eisceachtaí ón oibleagáid faoin mír sin, nó srianta ar an oibleagáid sin, ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 86 3.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin a mhéid nach bhforáiltear ar shlí eile don cheart dá dtagraítear i mír 1 faoi dhlí an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|