+IARSCRÍBHINN XI Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) — doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

IARSCRÍBHINN XI Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) — doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha




IARSCRÍBHINN XI

Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) — doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

Roinn 1

Faisnéis atá le cur ar fáil ag soláthraithe uile na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) de réir mar is iomchuí maidir le méid agus próifíl riosca na samhla:

1. 

Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaí iad leis an tsamhail agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;

(b) 

na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;

(c) 

an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;

(d) 

an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;

(e) 

an mhódúlacht (e.g. téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;

(f) 

an ceadúnas.

2. 

Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí na samhla dá dtagraítear i bpointe 1, agus faisnéis ábhartha faoin bpróiseas le haghaidh na forbartha, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:

(a) 

na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga;

(b) 

sonraíochtaí deartha na samhla agus an phróisis oiliúna, lena n-áirítear modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna, na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh; an rud a bhfuil sé beartaithe an tsamhail a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil, de réir mar is infheidhme;

(c) 

faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta (e.g. glanadh, scagadh etc.), líon na bpointí sonraí, a raon feidhme agus a bpríomhthréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí chomh maith le gach beart eile chun mí-oiriúnacht foinsí sonraí agus modhanna a bhrath chun claontachtaí in-sainaitheanta a bhrath, i gcás inarb infheidhme;

(d) 

na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail (e.g. an líon oibríochtaí snámhphointe), am oiliúna, agus sonraí ábhartha eile a bhaineann leis an oiliúint;

(e) 

tomhaltas fuinnimh atá ar eolas nó measta maidir leis an tsamhail.

Maidir le pointe (e), i gcás nach eol tomhaltas fuinnimh na samhla, féadfar an tomhaltas fuinnimh a bhunú ar fhaisnéis faoi na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear.

Roinn 2

An fhaisnéis bhreise atá le cur ar fáil ag soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo

1. Tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí meastóireachta, lena n-áirítear torthaí meastóireachta, ar bhonn na bprótacal agus na n-uirlisí meastóireachta poiblí nó ar bhonn a mhalairt de mhodheolaíochtaí meastóireachta eile. Áireofar sna straitéisí meastóireachta critéir mheastóireachta, méadrachtaí agus an mhodheolaíocht maidir le teorainneacha a shainaithint.

2. I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun críche tástála sáraíochta inmheánaí agus/nó seachtraí a dhéanamh (e.g. modh na foirne deirge), oiriúnuithe ar shamhail, lena n-áirítear ailíniú agus mionchoigeartú.

3. I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha