+Airteagal 79 An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad
---+Airteagal 79 1
---+Airteagal 79 2
---+Airteagal 79 3
---+Airteagal 79 4
---+Airteagal 79 5
|
Airteagal 79 An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 79 1
|
1. Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagail 73(1), 74 nó 76, tabharfaidh an Coimisiún an deis do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó don duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóid déanta ag an gCoimisiún ina aghaidh; agus
|
|
(b)
|
bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na réamhthorthaí dá dtagraítear i bpointe (a).
|
|
|
Airteagal 79 2
|
2. Féadfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) a mbarúlacha ar réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún ina réamhthorthaí, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.
|
|
Airteagal 79 3
|
3. Ní bhunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ach ar na hagóidí a raibh na páirtithe lena mbaineann in ann barúil a thabhairt ina leith.
|
|
Airteagal 79 4
|
4. Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin faoi na téarmaí a bhaineann le nochtadh idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó duine eile lena mbaineann maidir lena rúin ghnó a chosaint. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún cinntí a ghlacadh ina leagfar amach téarmaí sin an nochta i gcás easaontas idir na páirtithe. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin, an Bhoird, na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát. Go háirithe, ní chuirfear san áireamh sa cheart rochtana an comhfhreagras idir an Coimisiún agus na húdaráis sin. Ní chuirfear bac le haon ní sa mhír seo ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.
|
|
Airteagal 79 5
|
5. Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagail 67, 68 agus 69 ach chun críocha an Rialacháin seo amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|