+Airteagal 20 4.

Airteagal 20 4.

De mhaolú ar Airteagal 4, beidh feidhm ag an méid a leanas maidir leis na tairseacha sonraithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus mír 2, pointe (a) den Airteagal seo:

(a) 

cuirfidh an mháthairinstitiúid de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais, an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó an institiúid aonair tús láithreach leis an bhfaisnéis a thuairisciú, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar mó a tomhas neamhchosanta cóimheasa luamhánaithe ná an tairseach sonraithe ó dheireadh na bliana cuntasaíochta agus tuairisceoidh sí an fhaisnéis sin le haghaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta sin agus na dtrí dháta tagartha ráithiúla ina dhiaidh sin ar a laghad;

(b) 

scoirfidh an mháthairinstitiúid de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais, an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó an institiúid aonair láithreach den fhaisnéis sin a thuairisciú, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar lú an tomhas neamhchosanta cóimheasa luamhánaithe ná an tairseach sonraithe ó dheireadh na bliana cuntasaíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas