+Airteagal 10 Tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.

Airteagal 10 Tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCodanna a Dó go hOcht den Rialachán seo agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 a tharscaoileadh go páirteach nó go hiomlán d'institiúid chreidmheasa amháin nó níos mó atá suite sa Bhallstát céanna agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu agus atá bunaithe sa Bhallstát céanna, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

▼B

(a) 

is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus institiúidí cleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí cleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;

(b) 

déantar faireachán ar shócmhainneacht agus ar leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí cleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;

(c) 

tá sé de chumhacht ag bainistíocht an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do bhainistíocht na n-institiúidí cleamhnaithe.

Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadhdá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin nó ar Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 10 2.
Nuair a bheidh na húdaráis inniúla sásta go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach sa chéad mhír á gcomhlíonadh, agus má tá dliteanais agus gealltanais an chomhlachta lárnaigh ráthaithe go hiomlán ag na hinstitiúidí cleamhnaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chodanna a Dó go dtí a ceathair agus cur i bhfeidhm Chodanna a Sé go dtí a hOcht a tharscaoileadh chuig an gcomhlacht lárnach ar bhonn aonair.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas