|
+Airteagal 21 1. |
Airteagal 21 1.Ar iarratas ó mháthairinstitiúid AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó ó fhochuideachta fo-chomhdhlúthaithe de chuid máthairinstitiúide AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí mháthairinstitiúid AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach maidir lena bhfuil coinníollacha phointí (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh agus lena sainaithneofar foghrúpa leachtachta amháin do chur chun feidhme Airteagal 8. Déanfar an cinneadh comhpháirteach laistigh de sé mhí ón dáta a sheolann an maoirseoir comhdhlúthaithe isteach tuarascáil a shainaithníonn foghrúpaí leachtachta aonair ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 8. I gcás easaontú i rith na tréimhse sé mhí, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile atá i gceist. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle leis an ÚBE as a stuaim féin. Féadfaidh an cinneadh comhpháirteach srianta a chur freisin ar láthair agus ar úinéireacht sócmhainní leachtacha agus a cheangal go mbeidh íoslíon sócmhainní leachtacha ina seilbh ag institiúidí atá díolmhaithe ó chur chun feidhme Chuid a Sé. Leagfar an cinneadh comhpháirteach amach i ndoiciméad ina léireofar an cinneadh lán-réasúnaithe a thíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe do mháthairinstitiúid an fhoghrúpa leachtachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|