+Airteagal 28 Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
|
Airteagal 28 Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Ní cháileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is í an institiúid féin a eisíonn na hionstraimí le cead roimh ré ó úinéirí na hinstitiúide, nó, i gcás ina bhfuil sé ceadmhach faoin dlí náisiúnta infheidhme, is é comhlacht bainistíochta na hinstitiúide a eisíonn;
▼M8
(b)
tá na hionstraimí láníoctha agus ní dhéanann an institiúid, go díreach nó go hindíreach, éadáil úinéireacht na n-ionstraimí sin a chistiú;
▼B
(c)
comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas go léir maidir lena n-aicmiú:
(i)
cáilíonn siad mar chaipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE;
(ii)
tá siad aicmithe mar chothromas de réir bhrí an chreata chuntasaíochta is infheidhme;
(iii)
tá siad aicmithe mar chaipiteal cothromais chun críocha dócmhainneacht chlár comhardaithe a chinneadh, nuair is infheidhme faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta;
(d)
tá na hionstraimí nochta go soiléir agus go leithleach ar an gclár comhardaithe i ráitis airgeadais na hinstitiúide;
(e)
is ionstraimí síoraí iad;
(f)
ní féidir príomhshuim na n-ionstraimí a laghdú ná a aisíoc, seachas i gceann de na cásanna seo a leanas:
(ii)
athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun caipiteal a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le Airteagal 77;
(g)
ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha a rialaíonn na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na n-ionstraimí a laghdú nó a aisíoc seachas trí leachtú na hinstitiúide, agus ní thugann an institiúid é sin le fios ar aon slí eile roimh ná le linn eisiúint na n-ionstraimí, cé is moite de chás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27 ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimín chineál sin a fhuascailt;
(h)
comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas maidir le dáileacháin:
(i)
ní hann do láimhseáil fhabhrach dáileacháin maidir le hord na n-íocaíochtaí dáileacháin, lena n-áirítear i leith ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus ní chuirtear ar fáil leis na téarmaí lena rialaítear na hionstraimí cearta fabhracha i leith íoc na ndáileachán;
(ii)
is as ítimí indáilte amháin is féidir dáileacháin ar shealbhóirí na n-ionstraimí a íoc;
(iii)
níl caidhp ná srian eile ar an uasleibhéal dáileacháin sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27.
(iv)
ní chinntear an leibhéal dáileachán ar bhonn na méide a íocadh as na hionstraimí tráth a n-eisithe, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27;
(v)
sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí níl aon oibleagáid ar an institiúid dáileacháin a dhéanamh ar a sealbhóirí, agus níl aon oibleagáid den chineál sin ar an institiúid ar aon slí eile;
(vi)
ní ionann neamhíoc na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;
(vii)
ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;
(i)
i gcomparáid leis na hionstraimí caipitil uile arna n-eisiúint ag an institiúid, ionsúnn na hionstraimí an chéad sciar caillteanas, is é sin an sciar is mó go comhréireach, de réir mar a tharlaíonn siad, agus ionsúnn gach ionstraim caillteanais sa mhéid chéanna is a ionsúnn gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eile iad;
(j)
tá na hionstraimí aicmithe faoi bhun gach éileamh eile i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide;
(k)
tugann na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, éileamh atá, i gcás leachtachta agus tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha, comhréireach le méid na n-ionstraimí a eisíodh agus nach bhfuil socraithe nó faoi réir caidhpe, seachas i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 27;
(l)
níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:
(i)
an institiúid nó a fochuideachtaí;
(ii)
máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;
(iii)
an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;
(iv)
an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;
(v)
an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;
(vi)
aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);
(m)
níl na hionstraimí faoi réir aon socrú, is cuma cé acu socrú conarthach nó conradh de chineál eile é, a chuireann le sinsearacht na n-éileamh faoi na hionstraimí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta.
Measfar go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh ach an chuid den ionstraim chaipitil atá láníoctha i dteideal a cháilithe mar ionstraim Gnáthchothromais Leibhéal 1.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Measfar go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (i) de mhír 1 d'ainneoin díluacháil ar bhonn buan ar phríomhshuim ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó Chaipiteal Leibhéal 2. Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (f) de mhír 1 d'ainneoin an laghdú ar phríomhshuim na hionstraime caipitil laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid. Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (g) de mhír 1 d'ainneoin na bhforálacha lena rialaítear an ionstraim caipitil ina dtugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na hionstraime a laghdú laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (h)(iii) de mhír 1 d'ainneoin na hionstraime lena n-íoctar iolraí díbhinne, ar choinníoll nach ndáiltear an t-iolraí díbhinne sin ar bhealach a chuireann ró-ualach díréireachach ar chistí dílse. Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (h)(v) den chéad fhomhír de mhír 1 d'ainneoin fochuideachta a bheith faoi réir comhaontú leis an máthairghnóthas maidir le brabús agus caillteanas a aistriú, ar dá réir a bhfuil sé d'oibleagáid ar an bhfochuideachta an toradh bliantúil a aistriú chuig an máthairghnóthas, tar éis di a ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:
(a)
gur leis an máthairghnóthas 90 %, nó níos mó, de chearta vótála agus de chaipiteal na fochuideachta;
(b)
go bhfuil an máthairghnóthas agus an fhochuideachta lonnaithe sa Bhallstát céanna;
(c)
gur chun críocha dlisteanacha cánach a tugadh an comhaontú i gcrích;
(d)
go bhfuil sé de rogha ag an bhfochuideachta suim na ndáileachán a laghdú, agus an ráiteas airgeadais bliantúil á ullmhú aici, trí chuid dá brabús nó an brabús ar fad a leithdháileadh ar a cúlchistí dílse nó ar a cistí do
►C12
riosca ◄ baincéireachta ginearálta sula ndéanfaidh sí aon íocaíocht leis an máthairghnóthas;
(e)
go bhfuil sé d'oibleagáid ar an máthairghnóthas faoin gcomhaontú sin an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí;
(f)
go bhfuil an comhaontú faoi réir tréimhse fógra ar dá réir is féidir an comhaontú a fhoirceannadh faoi dheireadh na bliana cuntasaíochta, agus faoi sin amháin, agus éifeacht ag an bhfoirceannadh sin tráth nach luaithe ná tosach na bliana cuntastaíochta dár gcionn, rud a fhágann nach dtagann aon athrú ar an oibleagáid atá ar an máthairghnóthas an fhochuideachta a chúiteamh go hiomlán ar na caillteanais uile a thabhaíonn sí le linn na bliana cuntasaíochta reatha.
I gcás ina bhfuil comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta ag institiúid, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil gan mhoill agus cuirfidh sí cóip den chomhaontú ar fáil don údarás inniúil. Tabharfaidh an institiúid fógra freisin don údarás inniúil gan mhoill má thagann aon athrú ar an gcomhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú agus má fhoirceanntar é. Ní dhéanfaidh institiúid níos mó ná aon chomhaontú amháin maidir le brabús agus caillteanas a aistriú.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Chun críche phointe (h)(i) de mhír 1, nídhéanfar ach cearta vótála difreáilte, agus iad sin amháin, a léiriú i ndáileadh difreáilte. Ar an gcaoi sin, ní bheidh dáileadh níos airde i bhfeidhm ach amháin maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 lena ngabhann níos lú cearta vótála nó nach ngabhann cearta vótála ar bith leo.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh ionstraimí caipitil is infheidhme;
(b)
Cé acu a gcuirfeadh ildáileacháin ró-ualach díréireach ar chistí dílse agus dá gcuirfeadh, cathain;
(c)
an bhrí atá le dáileacháin fhabhracha;
Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|