+Airteagal 60 1.

Airteagal 60 1.

Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

▼C2

(a) 

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

▼B

(i) 

Airteagail 32 go 35;

▼M17

(ii) 

Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

▼B

(iii) 

Airteagal 44 agus Airteagal 45;

(b) 

an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 d'eintitis sin na hearnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal Breise 2 n-eintiteas earnála airgeadais sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas