+Airteagal 72a Ítimí dliteanas incháilithe
---+Airteagal 72a 1.
---+Airteagal 72a 2.
|
Airteagal 72a Ítimí dliteanas incháilithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72a 1.
|
Is iad na nithe seo a leanas a bheidh ina n-ítimí dliteanas incháilithe, mura bhfuil siad in aon cheann de na catagóirí de dhliteanais eisiata a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, agus a mhéid a shonraítear in Airteagal 72c:
(a)
ionstraimí dliteanas incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2;
(b)
Ionstraimí Leibhéal 2 ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, a mhéid nach gcáilíonn siad mar ítimí Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 64.
|
|
Airteagal 72a 2.
|
Eisiafar na dliteanais seo a leanas ó ítimí dliteanas incháilithe:
(b)
taiscí ar amharc agus taiscí gearrthéarma a bhfuil a n-aibíocht bunaidh faoi bhun bliain amháin;
(c)
an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
29
);
(d)
taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí lonnaithe lasmuigh den Aontas ó institiúidí atá bunaithe san Aontas;
(e)
dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus ar cuid lárnach iad den chomhthiomsú cumhdaigh agus dhéantar a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, ar choinníoll nach ndéanfar difear d'aon sócmhainní urraithe a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh agus go leanfar dá ndóthain cistiúcháin a thabhairt dóibh agus seachas aon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith ar mó é ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe;
(f)
aon dliteanas a thagann chun cinn mar gheall ar shócmhainní cliaint nó airgead cliaint i seilbh lena n-áirítear sócmhainní cliaint agus airgead cliaint atá i seilbh ar son gnóthais chomhinfheistíochta, ar choinníoll ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;
(g)
aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir an t-eintiteas réitigh nó aon cheann dá fhochuideachtaí (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;
(h)
dliteanais d'institiúidí, gan dliteanais d'eintitis ar cuid den ghrúpa céanna iad a áireamh, a bhfuil aibíocht bunaidh níos lú ná seacht lá acu;
(i)
dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do na heintitis seo a leanas:
(i)
córais nó oibreoirí córas a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
30
);
(ii)
rannpháirtithe i gcóras a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 98/26/CE agus a eascraíonn as rannpháirtíocht i gcóras den sórt sin; nó
(iii)
CPL tríú tír a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(j)
dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:
(i)
Fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála agus seachas an chomhchuid inathraithe de luach saothair glacadóirí
►C12
riosca ◄ ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE;
(ii)
creidiúnaí tráchtála nó trádála má thagann an dliteanas as soláthar, don institiúid nó don mháthairghnóthas, earraí nó seirbhísí a bhfuil gá leo chun go bhfeidhmeodh oibríochtaí na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;
(iii)
údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;
(iv)
scéimeanna ráthaithe taiscí má thagann an dliteanas as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE;
(k)
dliteanais a thagann as díorthaigh;
(l)
dliteanais a thagann as ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe.
Chun críocha phointe (l) den chéad fhomhír, ionstraimí fiachais ina bhfuil roghanna ar luathfhuascailt is féidir a fheidhmiú de réir rogha an eisitheora nó an tsealbhóra, agus ionstraimí fiachais ag a bhfuil ús athraitheach a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go leitheadach amhail Euribor nó Libor, ní mheasfar gur ionstraimí fiachais ag a bhfuil díorthaigh leabaithe iad ar bhonn gnéithe den sórt sin amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|