+Airteagal 72c Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh
---+Airteagal 72c 1.
---+Airteagal 72c 2.
---+Airteagal 72c 3.
---+Airteagal 72c 4.
|
Airteagal 72c Ionstraimí dliteanas incháilithe a amúchadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72c 1.
|
Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair bliana amháin ar a laghad, cáileoidh siad go hiomlán mar ítimí dliteanas incháilithe. Ionstraimí dliteanas incháilithe ag a bhfuil aibíocht iarmhair faoi bhun bliain amháin, ní cháileoidh siad go mar ítimí dliteanas incháilithe.
|
|
Airteagal 72c 2.
|
Chun críocha mhír 1, i gcás ina gcuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe rogha fuascailte don sealbhóir is infheidhmithe roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an sealbhóir an rogha fuascailte a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.
|
|
Airteagal 72c 3.
|
Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe dreasacht don eisitheoir an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, saineofar tráth aibíocht na hionstraime mar an dáta is luaithe is féidir leis an eisitheoir an rogha sin a fheidhmiú agus fuascailt nó aisíoc na hionstraime a iarraidh.
|
|
Airteagal 72c 4.
|
Chun críocha mhír 1, má chuimsíonn ionstraim dliteanas incháilithe luathroghanna ar fhuascailt is infheidhmithe de réir lánrogha iomlán an eisitheora roimh thráth aibíochta na hionstraime mar a sonraíodh é ar dtús, ach nach gcuimsíonn na forálacha lena rialaítear an ionstraim dreasacht ar bith an ionstraim a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc nó a athcheannach roimh thráth a haibíochta agus nach gcuimsíonn siad rogha ar bith fuascailte nó aisíoctha de réir lánrogha na sealbhóirí, saineofar tráth aibíochta na hionstraime mar an tráth aibíochta a sonraíodh ar dtús.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|