+Airteagal 72f Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint

Airteagal 72f Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint

Airteagal 72f

Sealúchais ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a asbhaint

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí sealúchais ar bhonn ollsuíomhanna fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a) 

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

tá an ►C12  neamhchosaint ◄ fholuiteach chéanna ag na suíomhanna fada agus na suíomhanna gearra agus níl aon phriacal contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra;

(ii) 

coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;

(b) 

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an ►C12  neamhchosaint ◄ fholuiteach ar ionstraimí dliteanas dílis incháilithe sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c) 

féadfaidh institiúidí ollsuíomhanna fada in ionstraimí dílse dliteanas incháilithe a thagann as sealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomhanna gearra in ionstraimí dílse 72e(1) a thagann as suíomhanna gearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ►C12  neamhchosaint ◄ contrapháirtí ag baint leis na suíomhanna gearra sin. ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

tá an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii) 

coimeádtar na suíomhanna gearra agus na suíomhanna fada araon sa leabhar trádála nó coimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas