+Airteagal 72i Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII
---+Airteagal 72i 1.
---+Airteagal 72i 2.
---+Airteagal 72i 3.
---+Airteagal 72i 4.
---+Airteagal 72i 5.

Airteagal 72i Dliteanais incháilithe a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in eintitis G-SII

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 72i 1.

Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 72e(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a díorthaíodh ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a) 

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais agus eintitis, ionstraimí dliteanas de chuid eintiteas G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid in aon cheann acu, a sháraíonn 10 % de na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhfar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i) 

Airteagail 32 go 35;

▼M17

(ii) 

Airteagal 36(1), pointí (a) go (g), pointí (k)(ii) go (vi) agus pointí (l), (m) agus (n), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht amach anseo agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha;

▼M8

(iii) 

Airteagail 44 agus 45;

(b) 

an méid comhiomlán sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach ar ionstraimí dliteanas incháilithe atá ag eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna roinnt ar mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá ag an institiúid d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 breise agus Leibhéal 2 de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus ionstraimí dliteanas de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an eintiteas réitigh in aon cheann acu.

Airteagal 72i 2.
Déanfaidh institiúidí suíomhanna frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá gnó nó níos lú a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1.
Airteagal 72i 3.

Dáilfear an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 ar gach ionstraim dliteanas incháilithe de chuid eintiteas G-SII. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a shonraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a) 

méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b) 

an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dliteanas incháilithe de chuid eintitis G-SII nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu arna léiriú ag gach ionstraim dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide.

Airteagal 72i 4.
Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 72e(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % d'ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha leagtar síos i bpointí (a)(i), (a)(ii) agus (a)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualuithe ►C12  riosca ◄ is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.
Airteagal 72i 5.
Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime dliteanas incháilithe atá ►C12  riosca-ualaithe ◄ de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid sealúchas a cheanglaítear a bheith ►C12  riosca-ualaithe ◄ i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion a thiocfaidh as an ríomh a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas