+Airteagal 78 Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú
---+Airteagal 78 1.
---+Airteagal 78 2.
---+Airteagal 78 3.
---+Airteagal 78 4.
---+Airteagal 78 5.

Airteagal 78 Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 78 1.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 a laghdú, a cheannach, a fhuascailt, a aisíoc, nó a athcheannach, nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a laghdú, a dháileadh nó a athaicmiú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tráth roimh beart ar bith dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nó an tráth céanna le beart ar bith acu sin, déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;

(b) 

léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide, tar éis an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 77(1) den Rialachán seo, na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE de chorrlach a mheasann an t-údarás inniúil a bheith riachtanach.

Má thugann institiúid ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir lena cumas oibriú le cístí dílse os cionn na méideanna a cheanglaítear sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE, féadfaidh an t-údarás inniúil réamhchead ginearálta a thabhairt don institiúid sin aon cheann de na gníomhartha a leagtar síos in Airteagal 77(1) den Rialachán seo a dhéanamh, faoi réir critéir lena n-áiritheofar go mbeidh aon ghníomh den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo. Ní thabharfar an réamhchead ginearálta sin ach le haghaidh tréimhse sonrach nach mó ná bliain amháin, agus féadfar é a athnuachan tar a éis sin. Tabharfar an réamhchead ginearálta le haghaidh méid áirithe réamhchinnte a shocróidh an t-údarás inniúil. ►C7  I gcás ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 3 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 10 % den mhéid a sháraíonn caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 suim na gceanglas maidir maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a leagtar amach sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/59/AE agus corrlach a mheasann an t-údarás inniúil atá riachtanach. I gcás ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2, ní sháróidh an méid réamhchinnte sin 10 % den aschur ábhartha agus ní sháróidh sé 3 % de mhéid iomlán ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 gan íoc, de réir mar is infheidhme. ◄

Aistarraingeoidh na húdaráis inniúla an réamhchead ginearálta má sháraíonn institiúid aon cheann de na critéir a tugadh chun críocha an cheada sin.

Airteagal 78 2.
Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 á measúnú, measfaidh na húdaráis inniúla a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin níos costasaí don institiúid ná na hionstraimí caipitil nó na cuntais scairbhisigh a mbeidís ag gabháil ina n-ionad.
Airteagal 78 3.
I gcás ina ndéanfaidh institiúid beart dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 77(1) agus go dtoirmiscfear de réir an dlí náisiúnta is infheidhme diúltú d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhuascailt, féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid teorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí sin ar bhonn iomchuí.
Airteagal 78 4.

Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 nó cuntais scairbhisigh ghaolmhara a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc le linn na gcúig bliana tar éis a ndáta eisiúna má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tháinig athrú ar aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóigh go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chistí dílse de chineál cáilíochta níos ísle, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

measann an t-údarás inniúil gur leor an chinnteacht a bhaineann leis an athrú sin;

(ii) 

léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;

(b) 

tháinig athrú ar an láimhseáil cánach is infheidhme i ndáil leis na hionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil gur athrú ábhartha é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna;

(c) 

déantar na hionstraimí agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a mharthanú faoi Airteagal 494b;

(d) 

tráth roimh an mbeart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77(1), déanfaidh an institiúid na hionstraimí nó na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 77(1) a ionadú le hionstraimí cistí dílse ar an gcáilíocht chéanna nó ar cháilíocht níos airde faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hacmhainn ioncaim na hinstitiúide agus cheadaigh an t-údarás inniúil an gníomh sin ar bhonn an chinnidh go mbainfeadh sochar leis ó thaobh na stuamachta de agus go mbeadh údar leis de bharr cás eisceachtúil a bheith ann;

(e) 

athcheannaítear ionstraimí Leibhéal 1 Breise nó Leibhéal 2 chun críocha cruthaithe margaidh.

Airteagal 78 5.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

an bhrí atá le “inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide”;

(b) 

na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;

(c) 

an próiseas, lena n-áirítear na teorainneacha agus na nósanna imeachta maidir leis na húdaráis inniúil an formheas a dhéanamh roimh ré i gcás beart atá liostaithe in Airteagal 77(1), agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe ann a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama atá leis an iarratas sin a phróiseáil.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas