+Airteagal 88a Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe

Airteagal 88a Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe

Airteagal 88a

Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe

Maidir le dliteanais a eiseoidh fochuideachta atá bunaithe san Aontas ar cuid den ghrúpa réitigh céanna í leis an eintiteas réitigh, beidh siad cáilithe a áireamh i measc ionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúthaithe institiúide faoi réir Airteagal 92a ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

eiseofar iad i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;

(b) 

ceannóidh scairshealbhóir atá ann cheana iad nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é chomh fada agus nach ndéanfar difear, le feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62 de Threoir 2014/59/AE, don rialú a dhéanfaidh an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;

(c) 

ní mó iad ná méid a chinnfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (i) a dhealú ón méid dá dtagraítear i bpointe (ii):

(i) 

suim na ndliteanas a eiseofar don eintiteas réitigh agus a cheannóidh an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eiseofar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;

(ii) 

an méid is gá i gcomhréir le hAirteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas