+Airteagal 92 1a.

Airteagal 92 1a.

Sa bhreis ar an gceanglas a leagtar síos i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, coinneoidh G-SII maolán cóimheasa luamhánaithe cothrom le tomhas iomlán risíochta de chuid G-SII dá dtagraítear in Airteagal 429(4) den Rialachán seo arna iolrú faoi 50 % de mhaolán G-SII is infheidhme maidir le G-SII i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE.

Ní dhéanfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh ach amháin le caipiteal Leibhéal 1. Caipiteal Leibhéal 1 a úsáidfear chun an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh, ní úsáidfear é chun aon cheanglas luamhánú-bhunaithe a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo agus i dTreoir 2013/36/AE a chomhlíonadh, ach amháin má dhéantar foráil shainráite dó ar shlí eile sa Rialachán nó sa Treoir.

I gcas nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil i gcomhréir le hAirteagal 141b de Threoir 2013/36/AE.

I gcás nach gcomhlíonfaidh G-SII an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE é ag an am céanna, beidh sé faoi réir an cheanglais caomhnaithe caipitil atá níos airde i gcomhréir le hAirteagal 141 agus 141b den Treoir sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas