Faoi réir Airteagail 93 agus 94 agus na n-eisceachtaí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar eintitis G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
▼M17
(a)
cóimheas rioscabhunaithe 18 %, arb iad cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3);
▼M8
(b)
cóimheas 6.75 % nach cóimheas
►C12
rioscabhunaithe ◄ é, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán den tomhas iomlán
►C12
neamhchosainta ◄ dá dtagraítear in Airteagal 492(4).