+Airteagal 104c 4.

Airteagal 104c 4.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

na suíomhanna riosca is féidir le hinstitiúid a thógáil d’aon turas chun fálú a dhéanamh, ar a laghad go páirteach, in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

conas an t-uasmhéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh, agus an bealach atá institiúid leis an méid sin a eisiamh maidir le gach ceann de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1);

(c) 

na critéir atá le comhlíonadh ag creat bainistíochta riosca institiúide dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), chun é a mheas a bheith iomchuí chun críocha an Airteagail seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas