+Airteagal 122a 3.

Airteagal 122a 3.

Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe is infheidhme go díreach ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh mar a leanas:

(a) 

i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe maoiniú a sholáthar chun sócmhainní fisiceacha a fháil, lena n-áirítear longa, aerárthaí, satailítí, cairr iarnróid agus cabhlaigh, agus ina mbeidh an t-ioncam a ghinfear leis na sócmhainní sin i bhfoirm sreabha airgid arna nginiúint ag na sócmhainní fisiceacha sonracha atá maoinithe agus geallta nó sannta don iasachtóir (“neamhchosaintí um maoiniú réada”), cuirfidh na hinstitiúidí ualú riosca 100 % i bhfeidhm;

(b) 

i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe maoiniú gearrthéarmach a sholáthar le haghaidh cúlchistí, fardal nó infháltais i leith tráchtearraí arna dtrádáil ar an stocmhalartán, lena n-áirítear amhola, miotail nó barra, agus inarb é an t-ioncam atá le giniúint leis na cúlchistí, fardail nó infháltais sin na fáltais ón tráchtearra a dhíol (“neamhchosaintí um maoiniú tráchtearraí”), cuirfidh na hinstitiúidí ualú riosca 100 % i bhfeidhm;

(c) 

i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe tionscadal aonair a mhaoiniú, bíodh sé i bhfoirm maoiniú chun suiteáil chaipitil nua a thógáil, nó suiteáil atá ann cheana a athmhaoiniú, le feabhsuithe nó gan feabhsuithe, chun suiteálacha móra, casta agus costasacha a fhorbairt nó a fháil, lena n-áirítear gléasraí cumhachta, gléasraí próiseála ceimiceán, mianaigh, bonneagar iompair, timpeallacht agus bonneagar teileachumarsáide, ina bhféachann an institiúid iasachtaí go príomha ar an ioncam a ghinfidh an tionscadal maoinithe, bíodh sé mar fhoinse aisíocaíochta agus mar urrús don iasacht (“neamhchosaintí um maoiniú tionscadail”), cuirfidh na hinstitiúidí na hualuithe riosca seo a leanas i bhfeidhm:

(i) 

130 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim réamhoibriúcháin;

(ii) 

ar choinníoll nach gcuirtear i bhfeidhm an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501a, 80 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim oibriúcháin agus ina gcomhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na critéir seo a leanas:

(1) 

tá srianta conarthacha le cumas an oibleagáideora gníomhaíochtaí a dhéanamh lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d’iasachtóirí, lena n-áirítear an srian nach féidir fiacha nua a eisiúint gan cead ó sholáthraithe féich atá ann cheana;

(2) 

tá cúlchistí leordhóthanacha ag an oibleagáideoir atá cistithe go hiomlán le hairgead tirim, nó socruithe airgeadais eile le heintiteas, chun an cistiú teagmhasach agus na riachtanais caipitil oibre a chumhdach le linn shaolré an tionscadail atá á mhaoiniú, ar choinníoll go sannann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad don eintiteas nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an eintiteas ó IMCS aitheanta, sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach don eintiteas sin atá coibhéiseach le céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad, ar choinníoll go ndéanann an institiúid rátáil inmheánach ar an eintiteas sin i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3, Roinn 6;

(3) 

gineann an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sreabha airgid atá intuartha agus lena gcumhdaítear na haisíocaíochtaí iasachta uile a bheidh ann amach anseo;

(4) 

i gcás nach gcistítear ioncam an oibleagáideora le híocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, braitheann foinse aisíocaíochta na hoibleagáide ar phríomh-chontrapháirtí amháin agus is ceann díobh seo a leanas an príomh-chontrapháirtí sin:

— 
banc ceannais, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil ar choinníoll go sanntar ualú riosca 0 % dóibh i gcomhréir le hAirteagail 114 agus 115 nó go sannann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad dóibh; nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an mbanc ceannais, ag an rialtas láir, ag an rialtas réigiúnach nó ag an údarás áitiúil ó IMCS aitheanta, sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach atá coibhéiseach le céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad dóibh, ar an gcoinníoll go bhfuil siad rátáilte go hinmheánach ag an institiúid i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3, Roinn 6;
— 
eintiteas earnála poiblí ar choinníoll go sannann IMCS ainmnithe ualú riosca 20 % nó níos lú don eintiteas sin i gcomhréir le hAirteagal 116, nó go sannann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad don eintiteas nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an eintiteas earnála poiblí sin ó IMCS aitheanta, sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach atá coibhéiseach le céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad don eintiteas, ar choinníoll go ndéanann an institiúid an t-eintiteas earnála poiblí sin a rátáil go hinmheánach i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 6;
— 
eintiteas corparáideach ar shann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad dó, nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an eintiteas corparáideach ó IMCS aitheanta, go sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach don eintiteas corparáideach sin atá coibhéiseach le céim 3 ar a laghad den cháilíocht chreidmheasa, ar choinníoll go ndéanann an institiúid rátáil inmheánach ar an eintiteas corparáideach sin i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3, Roinn 6;
(5) 

foráiltear leis na forálacha conarthacha lena rialaítear an neamhchosaint ar an oibleagáideoir maidir le leibhéal ard cosanta don institiúid iasachtaí i gcás ina mainníonn an t-oibleagáideoir;

(6) 

déanann an príomh-chontrapháirtí, nó na contrapháirtithe eile a chomhlíonann na critéir incháilitheachta ar an gcaoi chéanna maidir leis an bpríomh-chontrapháirtí, an institiúid iasachtaí a chosaint go héifeachtach ar chaillteanais a bheadh mar thoradh ar fhoirceannadh an tionscadail;

(7) 

tá na sócmhainní agus na conarthaí uile is gá chun an tionscadal a fheidhmiú geallta don institiúid iasachtaí a mhéid is a cheadaítear de réir an dlí is infheidhme;

(8) 

is féidir leis an institiúid iasachtaí smacht a ghlacadh ar an eintiteas oibleagáideora i gcás teagmhas mainneachtana;

(iii) 

100 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim oibriúcháin agus nach gcomhlíonann an neamhchosaint na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii);

(d) 

chun críocha phointe (c)(ii)(3), ní mheasfar gurb intuartha na sreabha airgid a ghintear mura gcomhlíonann cuid shubstaintiúil de na hioncaim ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

tá an t-ioncam “bunaithe ar infhaighteacht”, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-oibleagáideoir, a luaithe a bheidh an tógáil curtha i gcrích agus a fhad agus a chomhlíontar na coinníollacha conarthacha, i dteideal íocaíochtaí óna chontrapháirtithe conarthacha a chumhdaíonn costais oibriúcháin agus chothabhála, costais fiachsheirbhíse agus tuairisceáin chothromais de réir mar a oibríonn an t-oibleagáideoir an tionscadal, agus nach mbíonn na híocaíochtaí sin faoi réir luascadh éilimh, mar shampla, leibhéil tráchta, agus nach ndéantar iad a choigeartú de ghnáth ach d’easpa feidhmíochta nó d’easpa infhaighteachta na sócmhainne don phobal;

(ii) 

tá na hioncaim faoi réir rialáil ráta fáltais;

(iii) 

tá na hioncaim faoi réir conradh lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta;

(e) 

chun críocha phointe (c), ciallóidh an chéim oibriúcháin an chéim ina gcomhlíonann an t-eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun an tionscadal a mhaoiniú, nó atá inchomparáide ó thaobh eacnamaíochta de, an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

tá glan-sreabhadh airgid thirim dearfach ag an eintiteas, atá leordhóthanach chun aon oibleagáid chonarthach atá fágtha a chumhdach;

(ii) 

tá fiachas fadtéarmach atá ag dul i laghad ag an eintiteas.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas