+Airteagal 127 ►C9Neamhchosaint◄ar mhainneachtain
---+Airteagal 127 1.
---+Airteagal 127 2.
---+Airteagal 127 3.
|
Airteagal 127 ►C9Neamhchosaint◄ar mhainneachtain
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 127 1.
|
I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ar ina leith a mhainnigh an t-oibleagáideoir i gcomhréir le hAirteagal 178, nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacail atá cothrom leis na nithe seo a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid chreidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:
(a)
150 %, i gcás ina mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm;
(b)
100 %, i gcás nach mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm.
Chun na coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh maidir le neamhchosaint a ceannaíodh agus í ar mainneachtain cheana, áireoidh institiúidí sa ríomh aon difríocht dhearfach idir an méid atá dlite ón oibleagáideoir ar an neamhchosaint sin agus suim an laghdaithe breise cistí dílse dá ndíscríobhfaí an neamhchosaint sin ina hiomláine agus aon laghduithe ar chistí dílse atá ann cheana a bhaineann leis an neamhchosaint sin.
|
|
Airteagal 127 2.
|
Chun críoch cuid urraithe den neamhchosaint ar mainneachtain a chinneadh, beidh comhthaobhacht agus ráthaíochtaí cáilithe chun críoch maolaithe riosca creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4.
|
|
Airteagal 127 3.
|
Sannfar ualú riosca 100 % do luach na neamhchosanta a bheidh ann tar éis coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa ar neamhchosaintí neamh-IPRE iad, arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe nó le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála i gcomhréir le hAirteagail 125 agus 126, faoi seach, i gcás gur tharla mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|