|
+Airteagal 132c 2. |
Airteagal 132c 2.
►M17
Ríomhfaidh institiúidí luach na neamhchosanta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a chomhlíonfadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo mar luach lascainithe reatha an mhéid faoi ráthaíocht ag úsáid fachtóir lascaine a dhíorthaítear ó ráta saor ó riosca de bhun Airteagal 325l (2) nó (3), de réir mar is infheidhme. Féadfaidh institiúidí luach na neamhchosanta a bhaineann leis an ngealltanas íosluacha a laghdú faoi aon chaillteanais a aithnítear i ndáil leis an ngealltanas íosluacha faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme. ◄
Ríomhfaidh institiúidí an méid ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ le haghaidh ►C12 neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a thagann as na gealltanais íosluacha a chomhlíonfaidh na coinníollacha go léir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo trí luach ►C12 neamhchosainta ◄ na ►C12 neamhchosainti ◄ a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartaithe de 20 % agus an t-ualú ►C12 riosca ◄ a dhíorthaítear faoi Airteagal 132 nó 152. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|