+Airteagal 136 2.

Airteagal 136 2.

Nuair a bheidh mapáil na measúnuithe creidmheasa á cinneadh, comhlíonfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na ceanglais seo a leanas:

(a) 

d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta ►C9  riosca ◄ a dhéantar le gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cainníochtúla a mheas amhail an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim a sanntar an measúnú creidmheasa céanna orthu. I gcás IMCSanna a bunaíodh le déanaí agus i gcás na IMCSanna sin nár thiomsaigh ach taifead gearr de shonraí mainneachtana, fiafróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM den IMCS cad a chreideann sé an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim ar a sanntar an measúnú creidmheasa céanna a bheith;

(b) 

d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta ►C9  riosca ◄ arna sloinneadh ag gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cailíochtúla a mheas amhail an comhthiomsú eisitheoirí arna chumhdach ag an IMCS, raon na measúnuithe creidmheasa arna sannadh ag an IMCS, an bhrí atá le gach measúnú creidmheasa agus an sainmhíniú a thugann an IMCS ar mhainneachtain;

(c) 

cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar gach measúnú creidmheasa IMCS áirithe i gcomparáid le tagarmharc atá tógtha ar bhonn na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ag IMCSanna eile maidir le líon eisitheoirí a léiríonn leibhéal coibhéiseach ►C9  riosca ◄ creidmheasa;

(d) 

i gcás ina bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa IMCS áirithe níos airde ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM céim cáilíochta creidmheasa níos airde sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa a shannadh do mheasúnú creidmheasa an IMCS;

(e) 

i gcás ina bhfuil an ►C9  t-ualach riosca ◄ gaolmhar ardaithe ag ÚBE, ag UAPGE agus ag ÚEUM do mheasúnú creidmheasa sonrach IMCS áirithe, agus i gcás nach bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa an IMCS sin níos airde a thuilleadh ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, féadfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM an chéim cáilíochta creidmheasa bhunaidh a chur ar ais sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa do mheasúnú creidmheasa an IMCS.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas