|
+Airteagal 142 1. |
Airteagal 142 1.Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “córas rátála” gach modh, próiseas, rialuithe, córas bailiúcháin sonraí agus TF a thacaíonn le ►C9 riosca ◄ creidmheasa a mheasúnú, ►C9 neamhchosaintí ◄ a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe rátála, agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanais a forbraíodh le haghaidh cineálacha áirithe ►C9 neamhchosaintí ◄ a chainníochtú;
(1a)
ciallaíonn “aicme neamhchosanta” ceann ar bith de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (a), pointe (aa)(i) nó (ii), pointe (b), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), pointe (d)(i), (ii), (iii) nó (iv), pointe (e), (ea), (f) nó (g);
(1b)
ciallaíonn “neamhchosaint ar chorparáidí” neamhchosaint a shanntar d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (c)(i), (ii) nó (iii);
(1c)
ciallaíonn “neamhchosaint mhiondíola” aon neamhchosaint a shanntar d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d)(i), (ii), (iii) nó (iv);
(1d)
ciallaíonn “neamhchosaint ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí” aon neamhchosaint a shanntar d’aon cheann de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (aa)(i) nó(ii);
(2)
ciallaíonn “cineál neamhchosanta” grúpa neamhchosaintí arna mbainistiú go haonchineálach, a d’fhéadfadh a bheith teoranta d’eintiteas amháin nó d’fho-fhoireann aonair eintiteas laistigh de ghrúpa ar choinníoll go ndéantar bainistíocht éagsúil ar an gcineál céanna neamhchosaintí in eintitis eile den ghrúpa;
(3)
ciallaíonn “aonad gnó” aon eintiteas eagraíochtúil nó dlíthiúil faoi leith, réimeanna gnó, suímh thíreolaíocha;
(4)
ciallaíonn “mór-eintiteas earnála airgeadais rialáilte” aon eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is mó ná EUR 70 billiún, nó cothrom leis, sócmhainní iomlána an eintitis, nó sócmhainní iomlána a mháthairchuideachta, i gcás go bhfuil máthairchuideachta ag an eintiteas, a ríomhtar ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, agus leas á bhaint as an ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí nó as an ráiteas airgeadais chomhdhlúite is déanaí chun méid na sócmhainne a chinneadh;
(b)
tá an t-eintiteas faoi réir ceanglas stuamachta, go díreach ar bhonn aonair nó comhdhlúite, nó go hindíreach ó chomhdhlúthú stuamachta a mháthairghnóthais, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2019/2033, le Treoir 2009/138/CE, nó le ceanglais stuamachta dlíthiúla tríú tír a bheidh comhionann ar a laghad leis na hionstraimí sin de chuid an Aontais;
(5)
ciallaíonn “eintiteas earnála airgeadais neamhrialáilte” eintiteas earnála airgeadais nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar amach i bpointe (4)(b);
(5a)
ciallaíonn “corparáid mhór” aon ghnóthas corparáideach a bhfuil méid foriomlán a dhíolacháin chomhdhlúite bhliantúil os cionn EUR 500 milliún nó a bhaineann le grúpa ina bhfuil díolachán bliantúil an ghrúpa chomhdhlúite níos mó ná EUR 500 milliún;
(6)
ciallaíonn 'grád oibleagáideora catagóir ►C9 riosca ◄ laistigh de scála rátála oibleagáideora de chóras rátála, a sanntar d'oibleagáideoirí ar bhonn sraith critéar rátála sonrach agus sainiúil, óna ndíorthaítear meastacháin ar dhóchúlacht mainneachtana (PD);
(7)
▼M5 —————
(8a)
ciallaíonn “cur chuige um shamhaltú coigeartaithe PD/LGD” coigeartú ar an LGD nó coigeartú ar an PD agus an PGD a shamhaltú den neamhchosaint fholuiteach;
(9)
ciallaíonn “íosráta RW an tsoláthraí cosanta” an t-ualú riosca infheidhme maidir le neamhchosaint inchomparáide dhíreach leis an soláthraí cosanta;
(10)
maidir le neamhchosaint a gcuirfidh institiúid Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith trína cuid meastachán féin ar LGD a úsáid faoi Airteagal 143, ciallaíonn cosaint creidmheasa neamhchistithe “aitheanta” cosaint creidmheasa neamhchistithe a dtugtar an tionchar atá aige ar ríomh na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca nó méideanna an chaillteanais ionchasaigh de chuid na neamhchosanta forluití san áireamh le ceann de na modhanna a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 108(3):
(a)
Cur chuige um shamhaltú coigeartaithe PD/LGD;
(b)
ionadú an chur chuige maidir le paraiméadair riosca faoi A-IRB, mar a sainmhínítear in Airteagal 192, pointe (5);
(11)
ciallaíonn “SA-CCF” an céatadán is infheidhme faoi Chaibidil 2 i gcomhréir le hAirteagal 111(2);
(12)
ciallaíonn “IRB-CCF” féinmheastacháin ar fhachtóir coinbhéartachta creidmheasa. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (5a), agus an measúnú don tairseach díolachán á dhéanamh, déanfar na méideanna a thuairisciú, mar atá siad, i ráitis airgeadais iniúchta na gcorparáidí nó, i gcás corparáidí atá mar chuid de ghrúpaí comhdhlúite, a ngrúpaí comhdhlúite de réir an chaighdeáin cuntasaíochta is infheidhme maidir le máthairghnóthas deiridh an ghrúpa chomhdhlúite. Beidh na figiúirí bunaithe ar na meánmhéideanna arna ríomh in imeacht na 3 bliana roimhe sin, nó ar na méideanna is déanaí arna dtabhairt cothrom le dáta gach 3 bliana ag an institiúid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|