+Airteagal 148 1.

Airteagal 148 1.

Déanfaidh institiúid a gceadaítear di Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 107(1) mar aon le haon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí, Cur Chuige IRB a chur chun feidhme le haghaidh ceann amháin ar a laghad de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (a), pointe (aa)(i) nó (ii), pointe (b), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), pointe (d)(i), (ii), (iii) nó (iv) nó pointe (g). A luaithe a bheidh Cur Chuige IRB curtha chun feidhme ag institiúid maidir le cineál áirithe neamhchosaintí atá laistigh den aicme neamhchosanta sin, déanfaidh sí amhlaidh maidir leis na neamhchosaintí uile atá laistigh den aicme neamhchosanta sin, mura mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil an Cur Chuige Caighdeánaithe a úsáid go buan i gcomhréir le hAirteagal 150.

Faoi réir réamhchead na n-údarás inniúil, féadfar Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach ar feadh na gcineálacha éagsúla neamhchosaintí laistigh d’aicme neamhchosanta ar leith laistigh den aonad gnó céanna agus feadh na n-aonad gnó éagsúla sa ghrúpa céanna, nó ar mhaithe lena meastacháin féin ar LGD nó chun IRB-CCF a úsáid.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas