+Airteagal 152 4.

Airteagal 152 4.

Maidir le hinstitiúidí a chuireann cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo agus nach n-úsáideann na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo nó i gCaibidil 5, de réir mar is infheidhme, maidir le gach cuid nó codanna de neamhchosaintí foluiteacha an GC, ríomhfaidh siad méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh do gach cuid de na neamhchosaintí foluiteacha sin i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a) 

maidir le neamhchosaintí foluiteacha a shannfaí don aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (e), cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 i bhfeidhm;

(b) 

maidir le neamhchosaintí a shanntar do na hítimí ionannas le suíomhanna urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (f), cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 254 i bhfeidhm amhail is dá mbeadh na neamhchosaintí sin i seilbh na n-institiúidí sin go díreach;

(c) 

maidir le gach neamhchosaint fholuiteach eile, cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 i bhfeidhm.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas