|
+Airteagal 152 8. |
Airteagal 152 8.Féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain sonraí nó faisnéise acu chun méid ►C12 neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ de chuid GC a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4 agus 5, féadfaidh siad brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
is ceann díobh seo a leanas an tríú páirtí:
(i)
institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC sin, ar chuntar go ndéanfaidh an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanfaidh sí gach urrús a chur i dtaisce san institiúid taisclainne sin nó san institiúid taisclainne airgeadais sin;
(ii)
maidir le GCanna nach gcumhdaítear le pointe (i) den phointe seo, an chuideachta bainistíochta GC, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh cuideachta bainistíochta an GC sin na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 132(3);
(b)
maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ seachas iad siúd a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a(1);
(c)
maidir leis na ►C12 neamhchosainti ◄ a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 4, déanfaidh an tríú páirtí an ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach inti;
(d)
daingneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríomha a rinne an tríú páirtí. Déanfaidh institiúidí a bheidh ag brath ar ríomhanna atá déanta ag tríú páirtí na méideanna ►C12 neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ , de ►C12 neamhchosainti ◄ GCa thagann as na ríomhanna sin a iolrú faoi fhachtóir 1,2. De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina mbeidh rochtain neamhshrianta ag an institiúid ar ríomhanna mionsonraithe arna ndéanamh ag an tríú páirtí, ní bheidh feidhm ag an bhfachtóir 1,2. Tabharfaidh an institiúid na ríomhanna sin dá húdarás inniúil arna iarraidh sin uirthi. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|