+Airteagal 177 Tástálacha struis a úsáidtear chun leordhóthanacht caipitil a mheasúnú
---+Airteagal 177 1.
---+Airteagal 177 2.
---+Airteagal 177 2a.

Airteagal 177 Tástálacha struis a úsáidtear chun leordhóthanacht caipitil a mheasúnú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 177 1.
Beidh próisis fhónta tástála struis ar bun ag institiúid le leordhóthanacht a caipitil a mheasúnú. Aithneofar teagmhais fhéideartha nó athruithe sa todhchaí sna dálaí eacnamaíocha a rachadh i gcion go mífhabhrach ar ►C9  neamhchosaintí ◄ creidmheasa na hinstitiúide agus déanfar measúnú leis ar chumas na hinstitiúide dul i ngleic le hathruithe den sórt sin.
Airteagal 177 2.
Déanfaidh institiúid tástáil struis go rialta ar an ►C9  riosca ◄ creidmheasa le measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag dálaí ar leith ar cheanglais chaipitil iomlána do ►C9  riosca ◄ creidmheasa. Is í an institiúid a roghnóidh an tástáil, faoi réir athbhreithniú maoirseachta. Beidh an tástáil a dhéanfar fóinteach agus cuirfear i gcuntas na héifeachtaí a bheadh ag cásanna cúlaithe eacnamaíochta atá géar ach dealraitheach. Déanfaidh institiúid measúnú ar an imirce ina rátálacha faoi na cásanna á áirítear sa tástáil struis. Áireofar formhór mór de ►C9  neamhchosaintí ◄ iomlána na hinstitiúide i bpunanna struis.
Airteagal 177 2a.
Áireofar sna cásanna a úsáidtear faoi mhír 2 tionscnóirí riosca CSR, go háirithe tionscnóirí rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe a eascraíonn as an athrú aeráide.

Eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir le cur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 2a.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas