|
+Airteagal 212 2. |
Airteagal 212 2.Cáileoidh polasaithe árachas saoil atá curtha i ngeall don institiúid iasachtaí mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
tá an polasaí árachas saoil curtha i ngeall nó sannta go hoscailte don institiúid iasachtaí;
(b)
tugtar fógra maidir leis an ngealltán nó an sannadh don chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, agus mar thoradh ar an bhfógra, ní fhéadfaidh sí méideanna atá iníoctha faoin gconradh a íoc gan toiliú na hinstitiúide iasachtaí roimh ré;
(c)
tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an polasaí a chur ar ceal agus an luach géilliúna a fháil i gcás mhainneachtain an iasachtaí;
(d)
cuirtear in iúl don institiúid aon íocaíochtaí faoin bpolasaí nach ndearna sealbhóir an pholasaí;
(e)
cuirtear an chosaint creidmheasa ar fáil go ceann théarma na hiasachta. Sa chás nach féidir é sin a dhéanamh toisc go gcríochnaíonn an caidreamh árachais sular n-éagann an caidreamh iasachta, cinnteoidh an institiúid go n-úsáidfear an méid a thagann ón gconradh árachais mar urrús don institiúid go dtí deireadh thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa;
(f)
tá an gealltán nó an sannadh éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil an tráth a chuirfear an comhaontú creidmheasa i gcrích;
(g)
dearbhaíonn an chuideachta atá ag soláthar an árachais an luach géilliúna agus tá sé neamh-inlaghdaithe;
(h)
tá an luach géilliúna le híoc go tráthúil ag an gcuideachta atá ag soláthar an árachais saoil, arna iarraidh sin;
(i)
ní iarrfar an luach géilliúna gach toiliú na hinstitiúide roimh ré;
(j)
tá an chuideachta atá ag soláthar an árachais saoil faoi réir Threoir 2009/138/CE nó tá sí faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|