|
+Airteagal 216 1. |
Airteagal 216 1.Cáileoidh díorthaigh chreidmheasa mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
áirítear ar na teagmhais chreidmheasa a shonraítear sa chonradh díorthach creidmheasa:
(i)
mainneachtain na méideanna atá dlite faoi théarmaí na hoibleagáide foluití a íoc atá i bhfeidhm tráth na mainneachtana sin, agus tréimhse chairde ann atá comhionann leis an tréimhse chairde nó atá níos giorra ná an tréimhse chairde sa bhunoibleagáid;
(ii)
féimheacht, dócmhainneacht nó neamhábaltacht an oibleagáideora a fhiacha a íoc, nó mainneachtain nó admháil i scríbhinn an oibleagáideora maidir lena neamhábaltacht go ginearálta a fhiacha a íoc de réir mar a thagann siad chun bheith dlite, agus teagmhais comhchosúla.
(iii)
athchóiriú na hoibleagáide foluití trí bhíthin na príomhshuime, an úis nó na dtáillí as a dtig teagmhas caillteanas creidmheasa a mhaitheamh nó a chur siar;
(b)
i gcás ina ndéantar foráil do shocraíochtaí airgid le díorthaigh chreidmheasa:
(i)
tá próiseas luachála stóinsithe i bhfeidhm ag institiúidí d'fhonn caillteanas a mheas go hiontaofa;
(ii)
tá tréimhse ann a shonraítear go soiléir chun luachálacha na hoibleagáide foluití a fháil tar éis an teagmhais chreidmheasa;
(c)
i gcás ina bhfuil ceart agus cumas cheannaitheoir na cosanta an oibleagáid fholuiteach a aistriú chuig soláthraí na cosanta ag teastáil chun socrú a dhéanamh, foráiltear le téarmaí na hoibleagáide foluití nach gcoinneofar siar gan chall aon toiliú a bheadh ag teastáil chun aistriú den chineál sin a dhéanamh;
(d)
tá sainithe go soiléir céannacht na bpáirtithe atá freagrach as a chinneadh cé acu a tharla teagmhas creidmheasa nó nár tharla;
(e)
níl sé faoi sholáthraí na cosanta agus faoi-sean amháin an teagmhas creidmheasa a chinneadh;
(f)
tá sé de cheart nó de chumas ag ceannaitheoir na cosanta teagmhas creidmheasa a tharla a chur in iúl do sholáthraí na cosanta. I gcás nach n-áirítear athchóiriú na hoibleagáide foluití ar na teagmhais chreidmheasa mar a thuairiscítear i bpointe (a)(iii), d'fhéadfadh an chosaint creidmheasa a bheith incháilithe mar sin féin faoi réir laghdaithe sa luach mar a shonraítear in Airteagal 233(2); 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|