|
+Airteagal 270d 2. |
Airteagal 270d 2.Bainfidh institiúid úsáid as measúnuithe creidmheasa ar a suíomhanna urrúsúcháin go comhsheasmhach agus ní go roghnach agus, chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas:
(a)
ní úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa IMCS dá suíomhanna i dtráinsí áirithe agus measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS eile dá suíomhanna i dtráinsí eile laistigh den urrúsú céanna a d’fhéadfadh a bheith nó gan bheith rátáilte ag an gcéad IMCS;
(b)
i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfidh an institiúid úsáid as an measúnú creidmheasa is lú fabhar;
(c)
i gcás ina bhfuil trí mheasúnú creidmheasa nó níos mó ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfear úsáid as an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí. I gcás ina bhfuil an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil le chéile, bainfear úsáid as an measúnú is lú fabhar;
(d)
ní iarrfaidh institiúid go ndéanfar rátálacha is lú fabhar a tharraingt siar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|