|
+Airteagal 280d 1. |
Airteagal 280d 1.Chun críocha mhír 2, bunóidh na hinstitiúidí eintitis tagartha chothromais ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
(a)
beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach eisitheoir ionstraime tagartha cothromais a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim tagartha chothromais na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;
(b)
beidh aon eintiteas tagartha cothromais ann do gach grúpa d'ionstraimí tagartha cothromais nó díorthaigh chothromais aonainm a fholuíonn idirbheart il-ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12 riosca ◄ cothromais; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha cothromais céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí tagartha cothromais nó i ndíorthaigh chothromais aonainm na n-idirbheart sin, de réir mar is infheidhme, agus sa chás sin amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|