De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar institiúid a bhfuil
►C12
neamhchosaint
◄ mhór aici ar an mbunphriacal a bhaineann le suíomhanna éagsúla inarb ionann nádúr na suíomhanna féin agus dá dtagraítear i mír 2 chun na cineálacha tagartha tráchtearraí do na suíomhanna sin a shuí agus níos mó saintréithe a úsáid seachas nádúr na bunionstraime tráchtearraí amháin. I gcás mar sin, sannfar idirbhearta díorthach tráchtearraí don chineál tagartha tráchtearraí céanna i gcás inarb ionann na saintréithe sin, agus sa chás sin amháin.