+Airteagal 283 Cead chun Modh na Samhla Inmheánaí a úsáid
---+Airteagal 283 1.
---+Airteagal 283 2.
---+Airteagal 283 3.
---+Airteagal 283 4.
---+Airteagal 283 5.
---+Airteagal 283 6.

Airteagal 283 Cead chun Modh na Samhla Inmheánaí a úsáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 283 1.

Ar an gcoinníoll go bhfuil na húdaráis inniúla sásta gur chomhlíon institiúid an ceanglas i mír 2, tabharfaidh siad cead don institiúid sin Modh na Samhla Inmheánaí (IMM) a úsáid chun luach na ►C9  neamhchosanta ◄ a ríomh le haghaidh ceann ar bith de na hidirbhearta seo a leanas:

(a) 

idirbhearta in Airteagal 273(2)(a);

(b) 

idirbhearta in Airteagal 273(2)(b), (c) agus (d);

(c) 

idirbhearta in Airteagal 273(2)(a) go (d),

I gcás ina dtugtar cead d'institiúid an IMM a úsáid chun luach na ►C9  neamhchosanta ◄ a ríomh maidir le haon cheann de na hidirbhearta a luaitear i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír, féadfaidh sí an IMM a úsáid maidir leis na hidirbhearta in Airteagal 273(2)(e) freisin.

D'ainneoin an tríú fomhír d'Airteagal 273(1), féadfaidh institiúid an rogha a dhéanamh gan an modh seo a chur i bhfeidhm i leith ►C9  neamhchosaintí ◄ atá neamhábhartha ó thaobh méide agus ►C9  riosca ◄ de. I gcás mar sin, cuirfidh an institiúid ceann de na modhanna a leagtar amach i Ranna 3 go 5 i bhfeidhm i leith na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais ábhartha uile maidir le gach cur chuige.

Airteagal 283 2.
Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla cead d'institiúidí IMM a úsáid do na ríomhanna dá dtagraítear dóibh i mír 1 ach amháin má tá sé léirithe ag an institiúid go bhfuil sí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, agus go bhfuil sé fíoraithe ag na húdaráis inniúla go bhfuil na córais chun an CCR a bhainistiú atá á gcoinneáil ag an institiúid slán agus curtha i bhfeidhm i gceart.
Airteagal 283 3.
Féadfaidh na húdaráis áitiúla cead a thabhairt d'institiúidí an IMM a chur i bhfeidhm go seicheamhach thar chineálacha éagsúla idirbhirt ar feadh tréimhse teoranta. I rith na tréimhse sin de chur chun feidhme seicheamhach, féadfaidh institiúidí na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó Roinn 5 a úsáid don chineál idirbhirt nach bhfuil an IMM in úsáid acu ina leith.
Airteagal 283 4.
Maidir le gach idirbheart díorthach thar an gcuntar, agus maidir le hidirbhearta socraíochta iarchurtha nach bhfuil cead faighte ag institiúid an IMM a úsáid ina leith faoi mhír 1, bainfidh an institiúid úsáid as na modhanna a leagtar amach i Roinn 3. Féadfar na modhanna sin a úsáid i dteaglaim ar bhonn buan laistigh de ghrúpa.
Airteagal 283 5.
Ní fhillfidh institiúid a bhfuil cead faighte aici an IMM a úsáid i gcomhréir le mír 1 ar na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 nó Roinn 5 ach amháin má fhaigheann sí cead ón údarás inniúil é sin a dhéanamh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead den sórt sin má léiríonn an institiúid go bhfuil cúis mhaith leis.
Airteagal 283 6.

I gcás ina scoireann institiúid de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, tabharfaidh sí fógra don údarás inniúil agus déanfaidh sí ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sí plean faoi bhráid an údaráis inniúil ionas go gcomhlíonfar na ceanglais arís go tráthúil;

(b) 

taispeánfaidh sí chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil éifeacht an neamhchomhlíonta neamhábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas