+Airteagal 286 Bainistíocht ar CCR – Beartais, próisis agus córais
---+Airteagal 286 1.
---+Airteagal 286 2.
---+Airteagal 286 3.
---+Airteagal 286 4.
---+Airteagal 286 5.
---+Airteagal 286 6.
---+Airteagal 286 7.
---+Airteagal 286 8.
|
Airteagal 286 Bainistíocht ar CCR – Beartais, próisis agus córais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 286 1.
|
Déanfaidh institiúid creat bainistíochta CCR a bhunú agus a choimeád ar bun, lena gcuimsítear na nithe seo a leanas:
(a)
beartais, próisis agus córais chun aithint, tomhas, bainistíocht, faomhadh agus tuairisciú inmheánach a áirithiú maidir le CCR;
(b)
nósanna imeachta chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais, na próisis agus na córais sin.
Beidh na beartais, na próisis agus na córais sin bunaithe ar bhonn coincheapúil fónta, arna bhfeidhmiú le hionracas agus arna ndoiciméadú. Áireofar leis an doiciméadú míniú ar na teicnící eimpíreacha a úsáideadh chun CCR a thomhas.
|
|
Airteagal 286 2.
|
Cuirfear priacail margaidh, leachtachta agus priacail dlíthiúla agus oibriúcháin a bhaineann le CCR san áireamh sa chreat bainistíochta CCR a cheanglaítear le mír 1. Áiritheoidh an creat go háirithe go gcomhlíonann an institiúid na prionsabail seo a leanas:
(a)
ní dhéanann sí gnó le contrapháirtí gan a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;
(b)
cuireann sí
►C9
riosca ◄ creidmheasa socraíochta agus réamhshocraíochta san áireamh go hiomlán;
(c)
déanann sí priacail den sórt sin a bhainistiú chomh cuimsitheach agus is féidir ar leibhéal an chontrapháirtí trí
►C9
neamhchosaintí ◄ CCR a chomhiomlánú le
►C9
neamhchosaintí ◄ creidmheasa eile ar fud an ghnólachta.
|
|
Airteagal 286 3.
|
Áiritheoidh institiúid a úsáideann an IMM go gcomfhreagraíonn a creat bainistíochta CCR, chun sástachta an údaráis inniúil, do na priacail leachtachta a bhaineann leis na nithe seo a leanas go léir:
(a)
glaonna ionchasacha ar corrlach a thiocfadh isteach i gcomhthéacs malartuithe corrlaigh athrúcháin nó cineálacha corrlaigh eile, amhail corrlach thosaigh nó neamhspleách, faoi shuaití neamhfhabhracha sa mhargadh;
(b)
glaonna ionchasacha a thiocfadh isteach ar aisíoc comhthaobhachta iomarcaí a dhéantar a thaisceadh ag contrapháirtithe;
(c)
glaonna mar thoradh ar íosghrádú ionchasach ar a measúnú seachtrach féin ar cháilíocht chreidmheasa.
Áiritheoidh institiúid go bhfuil cineál agus scóip athúsáid na comhthaobhachta comhsheasmhach lena riachtanais leachtachta agus nach gcuirtear a cumas comhthaobhacht a bhreacadh nó a aisíoc ar bhealach tráthúil i gcontúirt.
|
|
Airteagal 286 4.
|
Beidh baint ghníomhach ag comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí institiúide le bainistíocht an CCR, agus déanfaidh siad a áirithiú go ndéantar dóthain acmhainní a leithdháileadh ina leith. Beidh an lucht bainistíochta sinsearaí ar an eolas faoi theorainneacha agus thoimhdí na samhla a úsáidtear agus faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha agus ag na toimhdí sin ar iontaofacht an aschuir trí phróiseas foirmiúil. Beidh an lucht bainistíochta sinsearaí ar an eolas freisin faoi neamhchinnteachtaí thimpeallacht an mhargaidh agus saincheisteanna oibríochta agus an dóigh a léirítear iad seo sa tsamhail.
|
|
Airteagal 286 5.
|
Déanfar athbhreithniú ar na tuarascálacha laethúla a ullmhaítear maidir le
►C9
neamhchosaintí ◄ institiúide ar CCR de réir Airteagal 287(2)(b) ag leibhéal bainistíochta ag a mbeidh sinsearacht agus údarás leodhóthanach chun laghduithe i suímh a ghlacann bainisteoirí creidmheasa nó trádálaithe aonair a fhorfheidhmiú chomh maith le laghduithe i
►C9
neamhchosaint ◄ fhoriomlán na hinstitiúide ar CCR.
|
|
Airteagal 286 6.
|
Bainfear úsáid as creat bainistíochta CCR institiúide agus bunófar an creat sin de réir mhír 1 i gcomhcheangal le teorainneacha creidmheasa agus trádála inmheánacha. Beidh baint ag teorainneacha creidmheasa agus trádála le samhail tomhais
►C9
riosca ◄ riacal na hinstitiúide ar bhealach a bheidh comhsheasmhach thar am agus ar a mbeidh dea-thuiscint ag bainisteoirí creidmheasa, ag trádálaithe agus ag bainistíocht shinsearach. Beidh próiseas foirmiúil ag institiúid chun sáruithe ar theorainneacha creidmheasa a thuairisciú don leibhéal bainistíochta iomchuí.
|
|
Airteagal 286 7.
|
Áireofar le tomhas institiúide ar CCR tomhas laethúil agus úsáid ionlae as línte creidmheasa. Déanfaidh an institiúid
►C9
neamhchosaint ◄ reatha a thomhas le comhthaobhacht san áireamh agus glan ar chomhthaobhacht. Ar leibhéal na punainne agus an chontrapháirtí, déanfaidh an institiúid
►C9
neamhchosaint ◄ nó
►C9
neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaí a ríomh agus déanfaidh sí faireachán orthu ag an eatramh muiníne a roghnóidh an institiúid. Cuirfidh an institiúid suímh mhóra nó chomhdhlúite san áireamh, lena n-áirítear suímh a ghlacann grúpaí de chontrapháirtithe gaolmhara, tionscail agus an margadh.
|
|
Airteagal 286 8.
|
Déanfaidh institiúid clár dian rialta de thástáil struis a bhunú agus a choimeád ar bun. Déanfaidh lucht bainistíochta sinsearaí athbhreithniú rialta ar thorthaí na tástála struis sin gach ráithe ar a laghad agus déanfar iad a léiriú i mbeartais agus i dteorainneacha CCR a leagfaidh an comhlacht bainistíochta nó an bhainistíocht shinsearach síos. I gcás ina ndéantar leochaileacht áirithe a nochtadh leis na tástálacha struis maidir le sraith imthosca áirithe, glacfaidh an institiúid céimeanna prasa chun na priacail sin a bhainistiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|