+Airteagal 299 Ítimí sa leabhar trádála
---+Airteagal 299 1.
---+Airteagal 299 2.
|
Airteagal 299 Ítimí sa leabhar trádála
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 299 1.
|
D'fhonn an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, beidh tagairt in Iarscríbhinn II d'ionstraimí díorthacha le haghaidh
►C9
riosca ◄ creidmheasa a aistriú mar atá luaite i bpointe (8) Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE.
|
|
Airteagal 299 2.
|
Agus méideanna
►C9
neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh
►C9
riosca ◄ á ríomh maidir le
►C9
riosca ◄ contrapháirtí i dtaca le hítimí sa leabhar trádála, comhlíonfaidh institiúidí na prionsabail seo a leanas:
▼M8 —————
▼B
(b)
ní bhainfidh institiúidí úsáid as an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 222 chun éifeachtaí na comhthaobhachta airgeadais a aithint;
(c)
i gcás idirbheart athcheannaigh agus idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí a chuirtear sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí na hionstraimí airgeadais agus tráchtearraí uile a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe atá le cur san áireamh sa leabhar trádála;
(d)
maidir le
►C9
neamhchosaintí ◄ a thagann as ionstraimí díorthacha thar an gcuntar arna gcur sa leabhar trádála, féadfaidh institiúidí tráchtearraí atá incháilithe a áireamh sa leabhar trádála a aithint mar chomhthaobhacht incháilithe;
(e)
chun críocha coigeartuithe luaineachta a ríomh i gcás ina ndéantar ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí den sórt sin nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4 a thabhairt ar iasacht, a dhíol nó a sholáthar, nó a fháil ar iasacht, a cheannach nó a fháil trí chomhthaobhacht nó trí mheán eile faoina leithéid d'idirbheart, agus nuair a úsáideann institiúid cur chuige na gcoigeartuithe luaineachta maoirseachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4, déanfaidh institiúidí ionstraimí agus tráchtearraí den sórt sin a láimhseáil ar an mbealach céanna agus a láimhseálann siad cothromas neamh-phríomhinnéacs ar mhalartán aitheanta;
(f)
i gcás ina bhfuil institiúid ag úsáid an cur chuige bunaithe ar a meastacháin féin de choigeartuithe luaineachta faoi Roinn 3 de Chaibidil 4 maidir le hionstraimí airgeadais nó tráchtearraí nach bhfuil incháilithe faoi Chaibidil 4, ríomhfaidh sí coigeartuithe luaineachta do gach ítim ar leith. I gcás go bhfuil cead faighte ag institiúid Modh na Samhlacha Inmheánacha arna shainiú i gCaibidil 4 a úsáid, féadfaidh sí an cur chuige sin a chur i bhfeidhm sa leabhar trádála;
(g)
maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála a aithint ina gcuimsítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, ní aithneoidh institiúidí ach glanluacháil thar shuímh sa leabhar trádála agus sa leabhar neamhthrádála nuair a chomhlíonann na hidirbhearta glanluacháilte na coinníollacha seo a leanas:
(i)
déantar gach idirbheart a mharcáil ón margadh ar bhonn laethúil;
(ii)
féadfar aon ítimí a fhaightear ar iasacht, a cheannaítear nó a fhaightear faoi na hidirbhearta a aithint mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe faoi Chaibidil 4 gan pointí (c) go (f) den mhír seo a chur i bhfeidhm;
(h)
i gcás gur cuid d'fhálú inmheánach é díorthach creidmheasa atá ar áireamh sa leabhar trádála agus go n-aithnítear an chosaint chreidmheasa faoin Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 204, cuirfidh institiúidí ceann amháin de na modhanna seo a leanas i bhfeidhm:
(i)
láimhseálfaidh siad é amhail is nár thig aon
►C9
riosca ◄ contrapháirtí ón suíomh sa díorthach creidmheasa sin;
(ii)
chun na ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le
►C9
riosca ◄ creidmheasa contrapháirtí, cuirfidh siad ar áireamh go comhsheasmhach na díorthaigh chreidmheasa go léir atá sa leabhar trádála agus atá ina gcuid d'fhálú inmheánach nó a ceannaíodh mar chosaint i gcoinne
►C9
neamhchosanta ◄ ar CCR sa chás go bhfuil an chosaint chreidmheasa aitheanta mar chosaint incháilithe faoi Chaibidil 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|