+Airteagal 316 An caillteanas riosca oibriúcháin bliantúil a ríomh
---+Airteagal 316 1.
---+Airteagal 316 2.
---+Airteagal 316 3.

Airteagal 316 An caillteanas riosca oibriúcháin bliantúil a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 316 1.
Déanfaidh institiúidí a bhfuil a dtáscaire gnó cothrom le EUR 750 milliún nó níos mó a gcuid caillteanas riosca oibriúcháin bliantúil a ríomh mar shuim na nglanchaillteanas uile thar bhliain áirithe airgeadais, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 318(1), atá cothrom leis na tairseacha sonraí maidir le caillteanas a leagtar amach in Airteagal 319(1) nó (2), nó níos mó ná na tairseacha sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ón gceanglas chun caillteanais riosca oibriúcháin bhliantúla a ríomh a thabhairt d’institiúidí nach mó a dtáscaire gnó ná EUR 1 bhilliún, ar choinníoll gur léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go mbeadh sé ina ualach míchuí ar an institiúid an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.

Airteagal 316 2.
Chun críocha mhír 1, is é a bheidh sa táscaire gnó ábhartha an luach is airde den táscaire gnó a thuairiscigh an institiúid as measc na n-ocht ndáta tuairiscithe tagartha is déanaí. Bainfidh institiúid nár thuairiscigh a táscaire gnó go fóill úsáid as an táscaire gnó is déanaí dá bhfuil aici.
Airteagal 316 3.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an rud is ualach míchuí a shonrú chun críocha mhír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas